Léachtaí Cholm Cille 2022: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge

Friday, September 9, 2022 - 18:30 to Saturday, September 10, 2022 - 18:00
Iontas Building, Maynooth University

Is cúis mhór áthais do Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt go mbeidh Léachtaí Cholm Cille 2022: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge ar siúl 09-10 Meán Fómhair in Ollscoil Mhá Nuad. Beidh aoichainteoirí iontacha linn ó Éirinn, ón Eoraip, agus ó Albain, chomh maith le healaíontóirí cruthaitheacha den scoth a thabharfaidh freagraí trí mheán na healaíne féin ar cheisteanna móra na hinscne agus an fheimineachais. 

Táimid ag súil le cuileachtain bhríomhar ag an gcomhdháil i mbliana agus ba bhreá linn sibh a bheith linn. 

Aoichainteoirí: Daniela Theinová, Virginia Blankenhorn, Tríona Ní Shíocháin, Síle de Cléir, Deborah Hayden, Emma Nic Cárthaigh, Kevin Murray, Annie McLeod Hill, Michelle O Riordan, Máirín Nic Eoin, Stiofán Ó Briain, Seán Mac Risteáird, Lillis Ó Laoire, Caitlín Nic Íomhair, Máire Ní Annracháin 

Ealaíontóirí: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Síle Denvir, Nada Ní Chuirrín, Criostóir Ó Loingsigh, Sam Ó Fearraigh, Máire Ní Chéileachair, Tríona Ní Shíocháin, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. 

Stiúrthóirí: Tríona Ní Shíocháin agus Máire Ní Annracháin 

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

Ceanglaímid clár na comhdhála leis seo agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag nua.ghaeilge@mu.ie nó triona.nishiochain@mu.ie . 

18.30-19.00 Clárú

19.00 Oscailt: Mná sa Litríocht

Cúpla focal ó Stiúrthóirí na Comhdhála

Daniela Theinová ‘Cúrsaí teaghlaigh agus timpeallachta i bhfilíocht Ailbhe Ní Ghearbhuigh’

Virginia Blankenhorn: 'Reitric fhilíocht na mban i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban'

Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file: 'Bean faire anois mé': Dánta as Tonn Teaspaigh

20.30 Seoladh Leabhair

Léachtaí Cholm Cille 52: Stair agus Ficsean – ó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach,
in eagar ag an Oll. Fionntán de Brún

Dé Sathairn 10/09/2022

08.45 CLÁRÚ

09.00 Máithreachas, Béalaireacht, Cruthaitheacht Aoichainteoirí:

Tríona Ní Shíocháin: ‘Tost Scríbhinne agus Glór an Bhéil Bheo: Inscne, Béalaireacht agus Ceist na Cumhachta i dTraidisiún na Gaelainne’

Síle de Cléir: ‘Creideamh, Caidreamh agus Brí : Insintí Osnádúrtha agus Inscne sa Bhéaloideas’

Taibhiú:

Síle Denvir (cruit agus amhránaíocht ar an sean-nós) Nada Ní Chuirrín (damhsa ar an sean-nós)

10.20-10.50 Tae agus Caife

10.50 Mná na Sean- agus na Meán-Ghaeilge Aoichainteoirí:

Deborah Hayden: ‘Orthaí, deasghnátha agus galair na mban i lámhscríbhinní leighis na Gaeilge’

Emma Nic Cárthaigh: 'Immacallam dúin: guth na mná agus cumhacht an bhéarla in Comrac Líadaine ocus Cuirithir agus Pyramus et Thisbe le Ovid'

Kevin Murray: 'Na Mná sa Luath-Fhiannaíocht'

Taibhiú:

Ceol nua-chumtha le Criostóir Ó Loingsigh

Dé Sathairn 10/09/2022

12.30-1.40 Briseadh Lóin

13.40 Cearta agus Féiniúlachtaí Aoichainteoirí:

Máirín Nic Eoin: ‘Cúraimí fireanna agus ceisteanna ban: tábhacht na hinscne i léiriú na litríochta ar an máithreachas’

Stiofán Ó Briain: ‘Arae bhí mé ar bhruach a bheith i m’fhear ...’: Taibhsiú agus tógáil na fireannachta in ‘Críonadh na Slaite’ le Máirtín Ó Cadhain’

Seán Mac Risteáird: ‘Scríbhneoir na gCorr: Léamh Aiteach agus Inscneach ar Dhrámaíocht agus ar Phrós Chathail Uí Shearcaigh’

Taibhiú: Sam Ó Fearraigh (filíocht)

15.15-15.35 Tae agus Caife

15.35 Na Mná agus an Creideamh Aoichainteoirí:

Annie McCloud Hill ‘“Biodh ur Mnathan ’an Tosd”: the Irrepressible Voice of Gaelic Women’s Spiritual Song’

Michelle O Riordan: 'Sarú Inscne: gnéithe de phearsantú na Maighdine Muire i litríocht réamh nua-aoiseach na Gaeilge'

Taibhiú:

Máire Ní Chéileachair, Tríona Ní Shíocháin, agus Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin (amhránaíocht)

Léachtaí Cholm Cille 2022

LÉANN FEIMINEACH AGUS INSCNE NA GAEILGE

Dé Sathairn 10/09/2022

16.45-17.00 Briseadh Beag

17.00 Flaitheas agus Cumhacht Aoichainteoirí:

Lillis Ó Laoire: ‘“Níl ‘Dónall Óg’ ann": Léiriú ar ghuth na mban san fhilíocht bhéil in Smior agus Cnámh’

Caitlín Nic Íomhair: ‘Saothar Biddy Jenkinson’ Dúnadh: An tOllamh Máire Ní Annracháin
  Léachtaí Cholm Cille 2022

Clárú ar líne