Bronnann Ollscoil Mhá Nuad Dochtúireachtaí Oinigh

Thursday, September 24, 2015 - 14:00

Bhí John Lonergan, Iar-Ghobharnóir Phríosún Mhuinseo, agus Tomi Reichental,a tháinig slán ón Uileloscadh, i measc cúigear ar bhronn Ollscoil Mhá Nuad dochtúireachtaí oinigh orthu inniu.
Ar na daoine eile ar bronnadh gradaim orthu bhí ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, an tUasal Geraldine Byrne Nason, an tUasal  Patricia Oliver ó An Taisce, agus Jim Callery, fear gnó agus bunaitheoir Theach Bhéal na mBuillí, Contae Ros Comáin.

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad: “Roghnaíodh iad siúd a fuair céimeanna oinigh uainn as ucht a gcuid dáimhe leis na luachanna bunúsacha atá ag Ollscoil Mhá Nuad:  John Lonergan agus Tomi Reichental as a gcuid a iarrachtaí chun ceart, comhionannas agus athmhuintearas a bhaint amach; Geraldine Byrne Nason as a seirbhís phoiblí agus na scileanna thar na bearta atá aici maidir leis an taidhleoireacht dhomhanda; Patricia Oliver as a cuid ceannaireachta maidir le caomhnú an chomhshaoil agus i gcúrsaí oideachais; agus Jim Callery as a thiomantas do chaomhnú na staire agus don phobal.  Léiríonn a gcuid oibre ar cheisteanna atá tábhachtach d'Éirinn agus don domhan mór an éiteas atá ag Ollscoil Mhá Nuad mar institiúid agus is cúis bhróid dúinn aitheantas a thabhairt dá gcuid iarrachtaí.

Thosaigh John Lonergan ag obair sa tSeirbhís Príosúin in 1968 agus bhí sé ina Ghobharnóir ar Phríosún Phort Laoise agus ar Phríosún Mhuinseo nó go ndeachaigh sé ar scor in 2010. Is as an mBáinseach, Contae Thiobraid Árann do John agus tá a shaol caite aige ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras coiriúil, chomh maith le haird a tharraingt ar na naisc atá idir míbhuntáiste eacnamaíoch agus shóisialta agus an choiriúlacht. Bíonn John ar fáil do mhic léinn, do scoileanna agus do phobail chun an léargas agus an ghaois a fuair sé ó bheith ag obair ar feadh 42 bliain i gcóras príosúin na hÉireann a roinnt. Foilsíodh a chuimhní cinn The Governor: The Life and Times of the Man Who Ran Mountjoy, in 2010. 

Ní raibh Tomi Reichental ach naoi mbliana d’aois nuair a cailleadh dhá dhuine dhéag dá chlann i mí Dheireadh Fómhair 1944 i sluachampa géibhinn Bergen-Belsen.  San iomlán, bhásaigh 35 ball dá chlann san Uileloscadh. In 1959, tháinig sé go hÉirinn agus rinneadh saoránach de chuid na hÉireann de agus i bhfad ina dhiaidh sin labhair sé amach faoin méid a tharla dó. Ón uair sin amach, thosaigh Tomi ar mhisean cuimhneacháin, caoinfhulaingthe agus athmhuintearais a roinneann sé le mic léinn ar fud na tíre nuair a labhraíonn sé leo faoinar tharla dó. Chomh maith lena dhírbheathaisnéis ardéilimh I Was a Boy In Belsen a fhoilsiú, bhí dhá chlár faisnéise faoi Tomi ar RTÉ. In 2013 bronnadh Gradam Fiúntais Náisiún na Gearmáine air mar aitheantas as ‘an obair gan staonadh atá déanta aige chun cur i gcoinne na seineafóibe, an chiníochais agus go háirithe a thiomantas don athmhuintearas agus an aird a tharraing sé ar an mbaois a bhaineann leis an bhfuath.’ Ag Ollscoil Mhá Nuad, tá dlúthbhaint ag Tomi le hInstitiúid Edward Kennedy d'Idirghabháil Coinbhleachta.
Le linn dó trí dhochtúireacht oinigh bhreise a bhronnadh ar thriúr eile, an tUasal Geraldine Byrne-Nason, an tUasal Patricia Oliver agus an tUasal Jim Callery, dúirt an tOllamh Philip Nolan, gur chuir gach aon duine acu go mór le hOllscoil Mhá Nuad agus le sochaí na hÉireann ina mbealaí féin.

Is í an tUasal Geraldine Byrne Nason Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince ó 2014 i leith. Rugadh i nDroichead Átha, Contae Lú, í agus bhain sí céim BA sa Bhéarla agus sa Ghaeilge agus céim MA sa Bhéarla amach ó Choláiste Mhá Nuad.  Thosaigh sí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha in 1982 agus mar thaidhleoir ó ghairm d’oibrigh sí sna Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, i Vín, sa Ghinéiv agus i Heilsincí sular ceapadh í mar Dhara Ard-Rúnaí i Roinn an Taoisigh, mar Ard-Rúnaí a bhí freagrach as Comhairle Bainistíochta Eacnamaíochta na hÉireann agus an taidhleoir ba shinsearaí sa tír a bhí freagrach as beartas an AE. Ainneoin na ndualgas atá ar Geraldine ó thaobh gairme de, bhí sí flaithiúil lena cuid ama agus í ag tacú le hOllscoil Mhá Nuad, áit a bhfuil sí ina comhalta de Bhord Comhairleach Alumni Mhá Nuad agus áit ar bhunaigh sí Craobh na Fraince de Chumann Alumni Mhá Nuad. In 2014, toghadh Geraldine mar Chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann, an gradam acadúil is airde in Éirinn.

Rugadh agus tógadh Patricia Oliver sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath.  Is foilsitheoir agus eagarthóir leabhar í. In 1973, ceapadh í mar eagarthóir ar Life and Environment, nuachtlitir An Taisce. Ó shin i leith, bhí sí ag obair gan stad gan staonadh le An Taisce, ag eagrú imeachtaí agus coistí tiomsaithe airgid agus ag gníomhú mar chathaoirleach orthu chomh maith le bheith ag cruthú agus ag cothú poiblíochta agus ag cur feasachta chun cinn maidir le ceisteanna comhshaoil i gcoitinne.  Is iareagarthóir í ar Taisce Journal agus d’oibrigh sí ag gach leibhéal laistigh den eagraíocht sular ceapadh mar Chathaoirleach Náisiúnta í ó 1990 go dtí 1994. Sa ról sin bhí sí chun tosaigh maidir le forbairt a dhéanamh ar Ghradaim Eorpacha na mBratach Gorm do Thránna faoi An Taisce agus maidir le hAonad Comhshaoil na heagraíochta a chruthú.  Mar ionadaí na hÉireann ar an bhFondúireacht Idirnáisiúnta um Oideachas Comhshaoil (FEE) tá aithne agus meas ar Patricia go hidirnáisiúnta agus is í a bhí chun tosaigh maidir le clár na Scoileanna Glasa a fhorbairt ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile agus na meánscoile agus rinneadh leathnú air ina dhiaidh sin mar Ghradaim na gCampas Glas d'institiúidí tríú leibhéal.

Jim Callery. Is as Béal na mBuillí i gContae Ros Comáin do Jim Callery ó dhúchas agus is fear gnó thar a bheith rathúil é agus lámh aige i mórán earnálacha, lena n-áirítear réadmhaoin, iompar, díolachán feithiclí, miondíol agus margaí airgeadais. In 1976, bronnadh an cead chun díolachán a dhéanamh ar thrucailí Scania in Éirinn ar Westward Group, cuideachta dá chuid. Tá aithne mhaith air mar gheall ar an mbaint a bhí aige le hathchóiriú a dhéanamh ar Theach Pháirc Bhéal na mBuillí agus le Músaem Náisiúnta Ghorta Mór na hÉireann agus an dá cheann acu á maoiniú ag The Westward Group.
I láthair na huaire, tá an fuinneamh, an fhís agus an treallús céanna á gcur i bhfeidhm ag Jim ar réimse leathan de shaothair dhaonchairdiúla agus a chuir sé i bhfeidhm chun go mbeadh rath air féin i gcúrsaí gnó. Léiríonn na saothair sin a chuid eolais agus na nithe a bhfuil spéis aige iontu, an stair, ocras sa domhain, ceartas sóisialta agus comhionannas ina measc.
Ba é an bronntóir tosaigh é a chumasaigh bunú an Lárionaid um Staidéar ar Thithe agus ar Eastáit Stairiúla na hÉireann ag Ollscoil Mhá Nuad agus tacaíonn sé go gníomhach leis an Lárionad go fóill.  Chuir Jim páipéir Theach Pháirc Bhéal na mBuillí (breis agus 55,000 cáipéis faoi láthair) mar bhailiúchán bunaidh i lárionad cartlainne Ollscoil Mhá Nuad/Oifig na nOibreacha Poiblí ag Teach Bhaile an Chaisleáin agus chaith sé cuid mhór airgid chun an bailiúchán seo, a aithnítear mar an chartlann is breátha dá bhfuil againn maidir le Gorta Mór na hÉireann, a dhéanamh slán, a chaomhnú agus a fhorbairt. I measc mórán nithe eile atá bainte amach aige, bhí Jim ina óstach do cheann de na himeachtaí ba rathúla le linn an cheiliúrtha a bhain leis An Tóstal 2013.
 
Fotheideal; John Lonergan; Ambassador Geraldine Byrne Nason;Prof Philip Nolan;Tomi Reichental; Patricia Oliver, Jim Callery.