Céimí Mhá Nuad ar an Scáileán Mór

Dónall Ó Héalaí mar Cholmán Sharkey in Arracht
Thursday, December 17, 2020 - 13:45

Ní thuigtear cathain a bheidh orainn úsáid a bhaint as scileanna a d’fhoghlaim muid i bhfad siar ach sin díreach atá ar bun ag an aisteoir Dónall Ó Héalaí ó tháinig géarchéim an víris chorónaigh ar an bhfód i mbliana. Is cleachtas sách nua in earnáil na haisteoireachta é “self-taping” ach tá sé go mór chun tosaigh anois mar gheall ar an ngéarchéim toisc nach féidir le haisteoirí taisteal le haghaidh cruinnithe agus éisteachtaí. Agus an obair thaifeadta agus eagarthóireachta seo idir lámha aige ar ais ina cheantar dúchais de Chonamara faoi láthair, tá Dónall fíor-bhuíoch de na scileanna praiticiúla a d’fhoghlaim sé agus é i mbun staidéir ar na Meáin in Ollscoil Mhá Nuad.

B’aoibhinn leis a dhara hábhar, Nua-Ghaeilge, freisin mar, cé go bhfuil Gaeilge aige ón gcliabhán, braitheann sé go raibh an t-uafás ann nach raibh ar eolas aige agus bhain sé tairbhe agus taitneamh as oideachas a chur air féin maidir le sochtheangeolaíocht, béaloideas, filíocht, amhránaíocht agus drámaíocht ach go háirithe. Deich mbliana ar aghaidh óna thréimhse i Má Nuad, tá buaicphointe a shaoil ghairmiúil go dtí seo mar aisteoir scáileáin bainte amach ag Dónall lena phríomhpháirt mar Cholmán Sharkey sa scannán Gaeilge ceiliúrtha Arracht.

Lonnaithe i gConamara le linn an ghórta mhóir, insíonn Arracht an scéal de Cholmán, iascaire macánta a sheasann i gcoinne na héagóra agus a ngearrtar píonós trom air dá bharr. Cuireann Dónall síos ar a thréimhse á scannánú mar “eispéireas an-speisialta” dó agus, toisc go raibh sé lonnaithe ina cheantar dúchais féin agus gur fhulaing na daoine máguaird go mór le linn an ghórta, “bhí sé an-ghar don chnámh agus bhí sé an-thábhachtach go mbeadh sé chomh hionraic agus a d’fhéadfadh sé a bheith”. Fuair Arracht ardmholadh agus a lán gradam ag na féilte scannánaíochta idirnáisiúnta ag a léiríodh é le míonna anuas agus bhí Dónall aitheanta mar “Star of Tomorrow” ag an irisleabhar mór le rá Screen International dá chur i láthair mar Cholmán sa scannán.  

Eiseofar Arracht sna pictiúrlanna sa bhliain 2021 agus tá fuíollach eile ar siúl ag Dónall, lena n-áirítear a chéad phríomhpháirt Mheiriceánach in éineacht leis an réalta ceoldrámaíochta Santino Fontana in Impossible Monsters agus príomhpháirt Ghaeilge eile sa scannán Foscadh atá athchóirithe ón úrscéal The Thing about December le Donal Ryan. Is léir nach bhfuil sa mhéid atá bainte amach ag Dónall Ó Héalaí go dtí seo ach an tús.