Ar an Imeall i Lár an Domhain: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa

Tuesday, September 26, 2017 - 15:15

Bhí comhdháil idirnáisiúnta ar siúl in Ollscoil Shéarlais i bPrág i mí Mheán Fómhair 2017.  ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa’ téama na comhdhála.  Thug an Dr Máire Nic an Bhaird ó Roinn Froebel páipéar ar Dhúbhghlas de hÍde: ‘Scríbhneoirí ar deoraíocht: Dúbhghlas de hÍde sna Stáit 1905-06’. Tá slua ón gcomhdháil le feiceáil sa ghrianghraf seo agus iad ar a mbealach chuig fáiltiú i dTeach an Ambasadóra. Dúradh ag clabhsúr na comhdhála gurbh í seo an chomhdháil ba mhó riamh a eagraíodh trí Ghaeilge taobh amuigh d’Éirinn.