Seoladh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus www.portraidi.ie

Monday, June 27, 2016 - 12:15

Tá taighdeoirí ó Ollscoil Mhá Nuad, Dr Liam Mac Amhlaigh agus Ronan Doherty, tar éis saothrú i dteannta Fhoras na Gaeilge agus leis an gcomhlacht foilsitheoireachta COMHAR Teo., le mór-áis nua a choimeád, agus a chur ar fáil, i gcló agus go leictreonach, a dhéanann scríbhneoireacht liteartha agus acadúil na Gaeilge, a scríbhneoirí, agus a taighde beathaisnéise, a chomóradh.
 
Sheol an tOllamh Declan Kiberd (Ollscoil Notre Dame) an leabhar eisceachtúil (Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge) agus láithreán gréasáin spleodrach (www.portraidi.ie) i Seomra na gColún, san Ospideál Rotunda i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin 22 Meitheamh. 
 
Tionscadal eiseamláireach é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail. Sa chnuasach álainn lán-daite seo, foilsítear portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí go digiteach idir 2009-2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoírí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis agus, de réir mar a oireann, sliocht dá saothar go tánaisteach leo. Mar sin féin, tá béim faoi leith ar an bportráidíocht ealaíonta iontu a léiríonn daonnacht na scríbhneoirí céanna. Cuirtear réamhrá agus sleachta cuimhní cinn leis an leabhar freisin, agus tá an láithreán gréasáin inchuardaithe ina áis luachmhar do shaol na Gaeilge anois agus sa todhchaí. Tá comhaid fuaime de chuid de na scríbhneoirí i mbun léitheoireachta ar a gcuid sleachta roghnaithe á gcur leis an láithreán gréasáin freisin chun gné na cartlainne a fhorbairt.
 
Foilseachán stairiúil i mbliain stairiúil atá ann; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha atá curtha ar fáil ag na scríbhneoirí seo don teanga, agus is cúis áthais do COMHAR gur scríbhneoirí iad ar foilsíodh ábhar lena bhfórmhór acu ar leathanaigh na hirise míosúla Comhar thar na blianta. Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil atá i gceist le Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuirtear an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha. Sa dara céim den tionscadal, cuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am.  
 
Ceann de na tograí is tábhachtaí a cuireadh ar bun le déanaí i saol na Gaeilge é seo a thabharfaidh aitheantas ealaíonta don scríbhneoir agus a f(h)eidhm. Is i gcomhairle le teaghlach an ghrianghrafadóra, Máire Uí Mhaicín, a chuirtear an tionscnamh seo ós comhair an phobail. Beidh tuilleadh eolais faoi chéim 2 den tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge á eisiúint i mí na Nollag 2016.
 

 
Ronan Dohert​y agus Dr Liam Mac Amhlaigh

(an tOllamh Declan Kiberd)