Breis is €2 mhilliún bronnta ag an Roinn Gaeltachta ar Lárionad na Gaeilge

Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD ag ócáid in Ollscoil Mhá Nuad
Monday, October 24, 2022 - 12:30

Breis is €2 mhilliún bronnta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán ar Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, le tacú le tograí i múineadh agus i measúnú na Gaeilge 

Ag ócáid in Ollscoil Mhá Nuad inniu, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, maoiniú €2,084,330 do Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, le tacú le ceithre thogra de chuid an Lárionaid as seo go ceann trí bliana:  

€1,604,881 do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) 

€255,332 don Teastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta (ar líne) 

€149,700 le tacú le múineadh na Gaeilge sa Centre Culturel Irlandais, Páras 

€74,417 don acmhainn teagaisc agus foghlama Vifax 

Is córas neamhspleách scrúduithe agus cáilíochtaí Gaeilge é TEG, atá bunaithe go ginearálta ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE), ag cúig leibhéal ó A1 (Bonnleibhéal 1) go dtí C1 (Ardleibhéal 1). Ó cuireadh tús le TEG sa bhliain 2005, tá beagnach 12,000 foghlaimeoir Gaeilge tar éis tabhairt faoi na scrúduithe, in ionaid ar fud na hÉireann agus thar lear. Tá an córas á úsáid anois i réimse comhthéacsanna acadúla agus gairmiúla mar shlat tomhais neamhspleách, bhailí, iontaofa ar an inniúlacht sa Ghaeilge.  Beidh tábhacht faoi leith ag baint le córas TEG sa tréimhse atá amach romhainn, agus é mar phríomhaidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú 2021) go mbeidh 20% d’fhosaithe nua de chuid na hearnála poiblí inniúil ar an nGaeilge faoin mbliain 2030.  An tseachtain seo caite, d’fhógair an tAire Stáit ‘Ré nua do Chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís’ agus TEG le teastasú a dhéanamh ar na cúrsaí Gaeilge uilig a chuirtear ar fáil do bhaill foirne na Státseirbhíse. Le cois scrúduithe agus teastasú, cuireann siollabais agus acmhainní tacaíochta TEG spriocanna cinnte foghlama roimh mhúinteoirí agus roimh fhoghlaimeoirí le go mbeidh na foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim. Tá maoiniú TEG méadaithe faoi thrí, go dtí breis is €1.6 milliún, le tacú leis an obair bhreise atá beartaithe agus le forbairtí eile a dhéanamh ar an gcóras as seo go ceann trí bliana. 

Cuireadh tús leis an Teastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta mar chúrsa ar líne sa bhliain 2019. Mar chuid den chúrsa, cuirtear oiliúint agus meantóireacht ar fáil dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta i réimse comhthéacsanna, lena n-áirítear, ceantair Ghaeltachta agus suíomhanna idirnáisiúnta, ranganna don phobal agus cúrsaí tríú leibhéal. Is é an t-aon chúrsa teastasaithe dá leithéid agus toisc gur ar líne a dhéantar é, meallann sé mic léinn ó réimse leathan tíortha agus cúlraí. Tá leathanach gréasáin ag baint leis an togra freisin, áit a gcuirtear acmhainní agus treoir ar fáil saor in aisce d’aon duine a bhfuil spéis aige/aici sa dea-chleachtas i múineadh na Gaeilge. 

Tá Lárionad na Gaeilge ag cur cúrsaí ar fáil sa Centre Culturel Irlandais (CCI), Páras, ó bhí 2005 ann.  Bíonn an-tóir ar na ranganna i gcónaí, agus bíonn thart ar 60 duine ag freastal orthu agus ag tabhairt faoi scrúduithe TEG i bPáras. Tacaíonn an Lárionad le himeachtaí teanga agus cultúir in CCI freisin, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mhuintir Pháras.  Ar an 25 Samhain 2022, beidh an ceoltóir cáiliúil Conallach Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan ina haoi speisialta ag ócáid in CCI le ceiliúradh a dhéanamh ar na foghlaimeoirí Gaeilge agus orthu siúd a bhain teastais TEG amach le roinnt blianta anuas.  Tá an caidreamh idir CCI agus Lárionad na Gaeilge an-speisialta go háirithe mar gheall ar an dlúthcheangal stairiúil atá idir Maigh Nuad agus Coláiste na nGael, Páras, an foirgneamh ina bhfuil CCI lonnaithe sa lá atá inniu ann. 

Ar deireadh, tá méadú tagtha freisin ar an maoiniú a chuirfear ar fáil don togra Vifax sa tréimhse trí bliana atá amach romhainn.  Is acmhainn ilmheán teagaisc agus foghlama é Vifax, a chuireann ceachtanna seachtainiúla Gaeilge ar fáil ar líne le linn na bliana acadúla, bunaithe ar fheasacháin nuachta ó Nuacht TG4. Tá sé á chur ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ó bhí 1998 ann.  Is é an chéad acmhainn dá leithéid a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus bronnadh an Séala Eorpach do Theangacha air sa bhliain 1999, as an nuálaíocht agus as an bhfeabhas a bhain leis. Tá Vifax á chómhaoiniú ag COGG i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tacóidh an maoiniú breise le roinnt forbairtí atá beartaithe do Vifax, ina measc, pacáiste nua teagaisc agus foghlama a sheolfar i samhradh 2023, bunaithe ar shobalchlár TG4, Ros na Rún. 

San óráid a thug an tAire Stáit Chambers, chuir sé béim ar an ról tábhachtach a bheidh ag TEG ó thaobh méadú ar úsáid na Gaeilge sa státchóras. “Tá Lárionad na Gaeilge chun tosaigh maidir le foghlaim agus teagasc na teanga a leathnú chuig gach pobal agus comhthéacs anseo sa bhaile agus thar lear. Tá sé mar sprioc ag mo Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% d’fhostaithe an státchórais líofa sa Ghaeilge faoin mbliain 2030. Táim lánsásta, mar sin, go bhfuil mo Roinn ag déanamh infheistíochta €1.6 milliún chun clár méadaithe TEG a chur ar fáil. Ina leith seo, tá sé ríthábhachtach go mbeadh measúnú trédhearcach éifeachtach á dhéanamh ar dhul chun cinn an duine ó thaobh líofacht Gaeilge de; le comhoibriú idir an Lárionad anseo agus comhpháirtithe eile, beidh ar chumas thart ar sheacht gcéad caoga (750) fostaí de chuid an státchórais teastasú TEG a bhaint amach in aghaidh na bliana.” 

Labhair Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen faoi thábhacht thograí Lárionad na Gaeilge le tacú leis an dátheangachas sa tír: “As a linguist and as a native of Finland, I understand the importance of state policies and services that support and promote bilingualism and language rights for all members of society. I’m very proud that Maynooth University’s Centre for Irish Language is playing an important role in supporting those national policies, and in providing the structures, pathways and resources to help adult learners re-engage with Irish and to become competent and confident users of the language.” 

Ag labhairt di ag an ócáid, ghabh Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, Aoife Ní Ghloinn, buíochas leis an Aire agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a gcuid tacaíochta i gcónaí d’obair Lárionad na Gaeilge, agus mhol sí an fhoireann, a mbíonn a gcuid saineolais, tiomantais agus cruthaitheachta ag croílár obair cheannródaíoch an Lárionaid i gcónaí.