Cúrsa Oiliúna do Mhúinteoirí Ghaeilge ICUF agus Fulbright curtha ar siúl ag Lárionad na Gaeilge

Sunday, June 24, 2018 - 13:00

Rinne Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, cúrsa oiliúna speisialta a reáchtáil i gcomhar le ICUF (Irish-Canada University Foundation) agus le Coimisiúin Fulbright ón 24 – 27 Meitheamh i mbliana. Cúrsa oiliúna ab ea é dírithe ar mhúinteoirí atá ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá Thuaidh chun an Ghaeilge a mhúineadh in ollscoileanna óstacha éagsúla. D’fhan an ceathrar múinteoirí déag ar champas na hollscoile seo agus bhain siad ar fad taitneamh is tairbhe as na seisiúin oiliúna agus as aithne a chur ar a chéile.

Chuir oiliúnóir teagaisc an Lárionaid,  Ailín Ní Chonchúir, diancheardlanna oideolaíochta ar siúl sa chéad dá lá den chúrsa. Rinneadh cíoradh ar na bealaí is éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh bunaithe ar shainriachtanias foghlaimeoirí i Meiriceá Thuaidh lena linn. Ina dhiaidh sin, chuir Aoife Ní Ghloinn ceardlanna ar bun dírithe ar theagasc na gramadaí a chuideoidh le cleachtais na múinteoirí. Thug na seisiúin seo na huirlisí teagaisc cuí do na múinteoirí a bheidh ag plé le héagsúlacht foghlaimeoirí i Meiriceá agus i gCeanada.

Mar chuid dá róil i Meiriceá Thuaidh, beidh ar mhúinteoirí ICUF agus Fulbright cultúr na hÉireann agus na Gaeilge a chur chun cinn. Chuige seo bhí sraith cainteanna eile ann a phléigh réimse leathan topaicí. Bhí cainteoirí ann ó Chonradh na Gaeilge, ó Choláiste na Tríonóide, ó fhoireann Theastas Eorpach na Gaeilge, ó ICUF, agus ó Fulbright freisin. Bhí áit ag an spórt fiú le linn an chúrsa chomh maith le seisiúin bunaithe ar an bpeil Ghaelach. Thug na seisiúin seo lón machnaimh do na múinteoirí ar an gcaoi is fearr chun teanga is cultúr na Gaeilge agus na hÉireann a chur faoi bhláth i Meiriceá Thuaidh.

Tá ceangal láidir ag Lárionad na Gaeilge le cur chun cinn na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh atá ag dul i bhfad siar. I mbliana, cuireadh scrúduithe de chuid TEG, scrúduithe cumais sa Ghaeilge, ar siúl i Nua-Eabhrac agus in Washington DC. Tá sé i gceist ag an Lárionad tuilleadh ionad scrúdaithe a bhunú i Meiriceá amach anseo.

Bhí áthas ar an Lárionad a bheith ag obair le ICUF agus le Fulbright arís i mbliana agus guímid gach rath is sonas ar mhúinteoirí na bliana seo!

Gach eolas:
www.icuf.ie                www.fulbright.ie                 www.teg.ie