Léachtaí Uí Chadhain le Daichead Bliain Anuas Nuafhoilsithe

Máirtín Ó Cadhain, mar a fheictear é ar chlúdach an leabhair nuafhoilsithe
Tuesday, February 2, 2021 - 16:30

Is iad an Dr Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, Ollamh Comhlach  i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath na comheagarthóirí ar Léachtaí Uí Chadhain, cnuasach léachtaí atá nuafhoilsithe chun daichead bliain den ócáid speisialta seo i saol agus léann na Gaeilge a chomóradh. Seo é an chéad leabhar sa tsraith “Aistí Léannta” de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge.

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin.

Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Thug an Dr Mac Amhlaigh léacht na bliana 2019 dar teideal “Tá na coiscéimeanna tar éis filleadh arís’: leanúnachas agus nua-aoiseachas san fhilíocht iarChadhnach”  agus thug an tOll Fionntán de Brún, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, léacht na bliana 2020 dar teideal “Maighréad Nic Mhaicín, an Cadhnach agus comaoin an Domhain Thoir”. Níl ceachtar acu mar chuid den leabhar nua seo, a bhí á chur in eagar le cúpla bliain anuas, ach tá pleananna ar bun chun an dá cheann a chur i gcló agus, idir an dá linn, is féidir éisteacht siar orthu anseo -
https://soundcloud.com/scoil-icsf-ucd.