More than 1,900 students conferred at Maynooth University graduation ceremonies

Prof Philip Nolan, President of Maynooth University congratulates Shannen Brown, Paddy Harrington Golf Scholar as she receives her BA Double Hons degree.
Wednesday, September 7, 2016 - 10:15

Irish Version

The sun shone brightly for the start of this year’s graduation ceremonies at Maynooth University, which conferred more than 1,900 students with a range of degrees at undergraduate and postgraduate level, including 20 PhD graduates.
 
New degrees awarded for the first time include the BBA in Marketing, BSc in Mathematics Education, PME in Post-Primary Education and PME in Primary Education.
 
Speaking at the conferral ceremony, Maynooth University President, Professor Philip Nolan, said: “This day, for each of you, marks and recognises your individual achievements. For the staff of the University, the pure joy and energy you radiate when you come up and accept your degree never ceases to be inspirational.”
 
“As you are leaving this hall today, you are taking your next steps in your journey, but this University remains part of you, and you remain part of the University.  You are making your way in a difficult and uncertain world—a world torn by poverty, inequality, injustice, and threatened by demagoguery, conflict, and climate change. Now your education has conferred you with two fundamental gifts: first, the ability to think and to debate and to discern what is the right thing to do; second, depending on what you have studied, some particular knowledge and skill to act for good in the world. 
 
“I ask you then, at all time, to look at the world as it is, consider those around you, find the right thing to do, and do it.  Knowing you, we have every reason to be hopeful, but, for now, take all the joy you can from this very special day.”   
 
Maynooth University is Ireland’s fastest growing university with more than 11,000 students, including almost 1,600 taught postgraduate and professional students and over 400 research students.
 


Twins Lauren and Megan Dunne are congratulated by Prof Philip Nolan, President Maynooth University as they are conferred with BA Double Hons Degrees
Ends

Céimeanna bronnta ar níos mó ná 1,900 mac léinn ag Searmanais Bhronnta Ollscoil Mhá Nuad

Bhí an ghrian ag spalpadh nuair a cuireadh tús le Bronnadh na gCéimeanna in Ollscoil Mhá Nuad i mbliana. Bronnadh réimse céimeanna ag leibhéal fochéime agus ag leibhéal iarchéime ar níos mó ná 1,900 mac léinn, lena n-áirítear fiche céimí PhD.
 
Bronnadh na céimeanna nua seo a leanas den chéad uair: Baitsiléir Riarachán Gnó sa Mhargaíocht, Baitsiléir Eolaíochta sa Mhatoideachas, Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas) agus Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Iar-bhunoideachas).   
 
Agus é ag labhairt ag an searmanas bronnta, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin: “Tugann an lá seo aitheantas do na héachtaí ar leith atá bainte amach agat. Tugann an t-áthas atá ort agus an fuinneamh atá agat nuair a ghlacann tú le do chéim spreagadh síoraí d’fhoireann na hOllscoile.”
 
“Nuair a fhágfaidh tú an halla seo inniu, tógfaidh tú an chéad chéim eile sa saol atá amach romhat ach is cuid díot í an Ollscoil seo agus is cuid den Ollscoil tú. Déanfaidh tú do shlí i ndomhan atá dúshlánach agus neamhchinnte. Tá an domhan seo scoilte mar thoradh ar bhochtaineacht, ar éagothroime agus ar éagóir agus tá déimeagógaigh, coimhlintí agus an athrú aeráide ag bagairt air. Tá dhá inniúlacht bronnta ag an oideachas ort. Ar an gcéad dul síos, tá sé ar do chumas machnamh a dhéanamh ar cheisteanna, ceisteanna a phlé agus an gníomh ceart a aithint. Lena chois sin, ag brath ag do rogha ábhar, tá an saineolas chomh maith leis na scileanna cuí agat le tionchar dearfach a bheith agat ar an domhan.
 
“Iarraim ort breathnú ar an domhan mar atá sé an t-am ar fad, na daoine atá timpeall ort a chur san áireamh, agus an gníomh ceart a aithint agus a dhéanamh. Tá aithne againn ort agus mar sin, tá cúis mhaith againn a bheith dóchasach. Ach anois, bain sult as an lá speisialta seo a oiread agus is féidir leat.”
 
Is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil is gasta fás sa tír. Tá breis agus 11,000 mac léinn ag freastal uirthi, lena n-áirítear 1,600 mac léinn a bhfuil iarchéim teagaisc ar bun acu nó ar mic léinn proifisiúnta iad, agus breis agus 400 mac léinn taighde.

Deireadh 

 
 


Bhronn an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, Baitsiléir Ealaíon (Onóracha Dúbailte) an duine ar an gcúpla, Megan agus Lauren Dunne