An Msgr Pádraig Ó Fiannachta imithe ar shlí na fírinne

Friday, July 15, 2016 - 14:45

 (Thuas) An Msgr Pádraig Ó Fiannachta ag an Seoladh Oifigiúil ar Irisleabhar Mhá Nuad 2015
 
Ar an 15 Iúil, d’imigh an Msgr Pádraig Ó Fiannachta ar shlí na fírinne. Thug sé aghaidh ar Choláiste Phádraig, Má Nuad, den chéad uair agus é ina dhéagóir, chun tabhairt faoin tsagartóireacht. I ndiaidh dó roinnt blianta a chaitheamh ina shagart sa Bhreatain Bheag, d’fhill sé ar a alma mater in 1958 mar léachtóir. Rinneadh Ollamh le Sean- agus Nua-Ghaeilge de, ansin, sa bhliain 1962 agus chaith sé tríocha bliain slán sa ról sin gur bhain sé aois 65 amach. Ní hé gur tháinig deireadh lena bhaint le Má Nuad ar imeacht dó ach bhí sé ina chara dílis gur cailleadh é. An Msgr Ó Fiannachta a choinnigh Irisleabhar Mhá Nuad beo agus a chinntigh, bliain i ndiaidh bliana, gur cuireadh Léachtaí Cholm Cille amach agus é ina stiúrthóir ar an gcomhlacht foilsitheoireachta An Sagart.

Go raibh leaba i measc na naomh agus na n-aingeal aige.