Déanann Seachtain na Gaeilge 2025 ceiliúradh ar dhrámaíocht na Gaeilge

Monday, March 3, 2025 - 09:30

English version below

Tá an stair agus an oidhreacht a bhaineann le drámaíocht na Gaeilge á gceiliúradh ag Seachtainna Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i mbliana lena dá phríomhimeacht – stáitsiú úrnua den dráma ón mbliain 1904, An Dochtúir, chomh maith le taispeántas ar an amharclann Ghaeilge cheannródaíoch, An Damer.

Leanfaidh an ceiliúradh ar an nGaeilge ar aghaidh ar feadh seachtaine, ón Luan, 3 Márta go dtí an Déardaoin, 6 Márta, agus is measc na n-imeachtaí eile tá taispeántas den scannán Kneecap le fotheidil Bhéarla, ceolchoirm lóin leis an Trad Ensemble agus céilí lóin.

Beidh Pop-Up Gaeltacht, comórtas fichille agus cluichí boird agus Oíche Litríochta ar siúl chomh maith le linn na seachtaine.

Beidh an dráma Gaeilge, An Dochtúir, le Séamus Ó Beirn, ar siúl Dé Céadaoin, 5 Márta agus Déardaoin, 6 Márta san Aula Maxima ar an gCampas Theas, an áit chéanna ina raibh sé ar champas 92 bliain ó shin.
 

Casta an dráma 1933 Casta an dráma 2025

Tá eilimintí aoracha agus scigdhrámata fuaite fite lena chéile sa léiriú seo de scigdhráma ceolmhar dátheangach a bhaineann le Patrick O'Leary, dochtúir óg soineanta saonta ó Bhaile Átha Cliath gan aon Ghaeilge atá ag iarraidh bualadh in athuair lena ghrá geal Máire atá ina hathbheochanóir Gaeilge díograiseach agus a ghlacann le post, mar sin, in íoclann iargúlta i gConamara, beag beann air nach labhróidh a chuid othar ach Gaeilge.

Tá rud éigin sa léiriú comhaimseartha seo do chuile dhuine, cibé caidreamh atá agat leis an nGaeilge. San fhoireann aisteoireachta tá mic léinn reatha Ollscoil Mhá Nuad amháin a thaispeánfaidh dúinn a gcumas aisteoireachta chomh maith le taispeántais de cheol traidisiúnta, amhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós, anuas ar amhráin chlasaiceacha ó thús an fhichiú haois agus amhráin chomhaimseartha óna leithéid de Sabrina Carpenter, Chappell Roan agus Kneecap.

Seachas sin, beidh an taispeántas, An Damer: Cor Cinniúnach in Amharclannaíocht na Gaeilge, ar oscailt an tseachtain go léir i Leabharlann Eoin Pól II, bunaithe ar ábhar sna cartlanna ag OMN. Bunaíodh an amharclann ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath ag Gael Linn sa bhliain 1955 agus thar na blianta, bhí saothar de chuid Sheáin Uí Riada, Sheáin Uí Thuama agus Bhreandáin Uí Bheacháin ar stáitse, an chéad léiriú den dráma An Giall leis an bhfear deireanach sin sa bhliain 1958.

an clár imeachtaí iomlán do Sheachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad anseo.

Ceannaigh ticéid don dráma An Dochtúir anseo | Eventbrite
 

​Maynooth University’s Seachtain na Gaeilge (Irish Language Week) is celebrating the history and heritage of Irish language drama this year with its two main events -- the staging of the 1904 play, An Dochtúir, as well as an exhibition on the pioneering Irish language theatre, An Damer.
 
The week-long celebration of Irish, which runs from Monday, March 3 to Thursday, March 6 on campus, also includes a host of other events including a screening of the acclaimed film, Kneecap, with English subtitles, a lunchtime concert with the Trad Ensemble and a céilí.

A Pop-Up Gaeltacht, a chess and board games competition and a Literature Night will also be held during the week-long event.

The Irish language play, An Dochtúir, by Séamus Ó’Beirn, runs on Wednesday, March 5 and Thursday, March 6 at 7.30pm in the Aula Maxima on the South Campus, the same venue in which it was last staged in MU 92 years ago.

The production, a bilingual musical comedy, weaves together satirical and farcical elements in telling the story of Patrick O'Leary, a naïve and unsuspecting young doctor from Dublin who follows his Gaelic revivalist sweetheart Máire to Connemara. He takes up a new position at an isolated dispensary without a single word of Irish, not realising for a moment that his new patients won't speak a single word of English.

A fresh 21st century take on the play, this production has something for everyone, whatever their relationship with the Irish language. It showcases not only the acting talents of the cast but also features traditional Irish singing and dancing and musicianship, as well as contemporary hits by the likes of Sabrina Carpenter, Chappell Roan and Kneecap.

Meanwhile, the exhibition, An Damer: A Landmark in Irish Theatre, will be open all week in the John Paul II Library, based on material donated to the MU archives. The theatre was established on Dublin’s St Stephen’s Green by Gael Linn in1955 and over the years, it featured work by Seán Ó Riada, Seán Ó Tuama and Brendan Behan, whose play An Giall or The Hostage was premiered at the Damer in 1958.

See the full programme of events for Seachtain na Gaeilge 2025 in MU

Buy tickets for An Dochtúir | Eventbrite