Fáilte chuig Oifig na Gaeilge.


Tacaímid le gníomhaíochtaí le húsáid na Gaeilge a spreagadh i measc fhoireann agus mhic léinn na hOllscoile mar shampla, comhordú a dhéanamh ar ócáidí Ghaeilge agus ar ócáidí dátheangacha, bainistíocht a dhéanamh ar an Scéim Chónaithe, tacú le ranganna Gaeilge do bhaill foirne agus cabhrú leis an Ollscoil a Scéim Teanga a chur i bhfeidhm.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil tacaíocht an Uachtaráin againn. Is féidir a theachtaireacht ar thábhacht na teanga in Ollscoil Mhá Nuad a léamh anseo.

Déanaimid ár ndícheall lena chinntiú go bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge san eispéireas a bhíonn ag baill foirne, ag mic léinn agus ag an bpobal i Má Nuad trí ócáidí, comharthaíocht, seirbhís aistriúcháin nó deis a thabhairt do mhic léinn a bheith ina gcónaí le cainteoirí Gaeilge eile.

Tacaímid le húsáid na Gaeilge sna ranna acadúla agus riaracháin agus cabhraímid le baill foirne an Ghaeilge a úsáid ar shuímh ghréasáin, foilseacháin, foirmeacha agus i gcáipéisíocht eile. Seans go bhfuil spéis agat roinnt Gaeilge a úsáid ach níl tú muiníneach as an teanga a úsáid le cumarsáid a dhéanamh - is féidir linn cabhrú leat.

Déan teagmháil linn: oifig.nagaeilge@mu.ie / 01-708 6133.
Uaireanta oibre: Luan – Aoine 09.00 go 17.30

 
Welcome to the Irish Language Office. We support activities to promote the use of Irish amongst University staff and students, for example, coordinating Irish language and bilingual events, managing the Irish Language Accommodation Scheme, supporting Irish language classes for staff and helping the University to implement its Irish Language Scheme.  

We are privileged to have the University President’s support. His message on the importance of the Irish language in Maynooth University can be read here.

We do our best to make sure the Irish language is a central part of the Maynooth experience for staff, students and the public, whether it is events, signage, translation service or giving students the opportunity to live with fellow Irish speakers.

We support the use of Irish in academic and administrative departments and help staff members to use Irish on their websites, social media, publications, forms and other documentation. Maybe you would like to use some Gaeilge but aren’t confident to communicate - we can help out.
 
Please contact us: oifig.nagaeilge@mu.ie / 01 -7086133
Working hours: Monday – Friday 09.00 to 17.30.

  ​