Seomra na Gaeilge
![](https://maynoothuniversity.ie/sites/default/files/styles/asset_image_full/public/assets/images/Students%20-%20group%20image%20-%20oifig%20na%20gaeilge_0.jpg?itok=0YThws_0)
Is spás caidrimh agus comhrá do chainteoirí Gaeilge na hOllscoile é Seomra na Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide an tSeomra.
Is féidir le mic leinn nó baill foirne bualadh isteach ann le labhairt le cairde nó leabhar a léamh ar an gcompord. Bíonn fáilte roimh chách.
Reáchtáiltear ranganna, cruinnithe agus seisiúin cheoil ann ó am go ham.
Tá an Seomra lonnaithe i bhFoirgneamh na nEalaíon ar an gCampas Thuaidh.