Ranganna 

​Cuireann Lárionad na Gaeilge /Oifig na Gaeilge ranganna Gaeilge ar fáil d’fhoireann na hOllscoile. Freastalaítear ar fhoghlaimeoirí nua agus ar dhaoine atá ag filleadh ar chúrsaí Gaeilge. 

Seo deis do bhaill foirne Ollscoil Mhá Nuad scileanna teanga nua a fhoghlaim nó cur lena gcuid scileanna teanga reatha i dtimpeallacht foghlama atá cairdiúil agus compordach. Chomh maith leis sin, is bealach iontach é le haithne a chur ar bhaill foirne eile ó ranna éagsúla trasna na hOllscoile.   Bíonn ranganna ar siúl ag am lóin (13.00 - 14.00). Bíonn an rogha ag foghlaimeoirí tabhairt faoi scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag deireadh na bliana acadúla.  Tuilleadh eolais ag www.teg.ie 

Tá na ranganna seo saor in aisce do bhaill foirne OMN agus reáchtáiltear iad ag brath ar éileamh. Bíonn ranganna ar fáil ag ceithre leibhéal, ag brath ar éileamh. Féach ar an eolas thíos maidir leis na leibhéil éagsúla. 

The Centre for Irish Language, in conjunction with Oifig na Gaeilge, provide Irish language classes for Maynooth University staff. Classes are available at a range of levels, from absolute beginners to intermediate and advanced.

This is an opportunity for staff members to acquire or  improve their Irish language skills in a relaxed and friendly but structured learning environment.  These classes are also a great way to get to know other staff members from a range of departments across the University.  Classes will take place each week at lunchtime (13.00 - 14.00) or in the evenings, subject to demand.  There will be the option of taking a Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) exam at the end of the academic year.

These classes are free of charge for MU staff and will be run subject to demand.  Classes will be available at four levels, subject to demand. See detail below on the different levels.