Welcome to Irish Cultural Heritage (Oidhreacht Chultúrtha), an exciting and innovative development within the School of Celtic Studies at  Maynooth University.

We concentrate on Irish cultural heritage with a particular emphasis on extant archaeological and heritage sites and a programme of innovative and interactive on-site study. These provide the context for interdisciplinary engagement from the perspectives of archaeology, artefacts, social and cultural history, early literature and folklore.

Maynooth University, with its unique position on the doorstep of many world renowned heritage sites and monuments, enables us to provide integrated and interdisciplinary studies and research opportunities around Irish cultural heritage. We delivers an imaginative and challenging suite of undergraduate and postgraduate courses in this area. Interaction with expertise within the School, and a broader range of disciplines across the University, along with field experience of a wide array of heritage sites in cooperation with external partners in the Heritage sector, is a distinctive component of these programmes.

Fáilte go dtí Oidhreacht Chultúrtha, craobh nua, úrscothach de scoil an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. 
 
Cuireann muid béim ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann agus ar láithreáin sheandálaíocha agus oidhreachta na tíre, agus ar mhodhanna stáidéir idirghníomhacha agus praiticiúla ach go háirithe. Is cúrsa idirdhisciplíneach é seo agus déantar plé ar ábhar an chúrsa ó pheirspictíochtaí éagsúla; cuirtear béim faoi leith ar an tseandálaíocht, ar staidéar na ndéantúsán, ar an gcomhthéacs stairiúil, ar an tseanlitríocht agus ar an mbéaloideas. Tá Ollscoil na hÉireann Má Nuad suite ar thairseach an-chuid láithreán oidhreachta agus leachtanna cuimhneacháin a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain agus, mar sin, cuirtear deiseanna ar fáil do mhic léinn an Ionaid staidéar comhtháite agus idirdhisciplíneach nó taighde a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Cuirtear clár staidéir uathúil agus dúshlánach a bhaineann leis an réimse seo ar fáil d'fhochéimithe agus d'iarchéimithe. Is í aidhm an chúrsa ná forbairt a dhéanamh ar scileanna agus ar shaineolas na mac léinn. Faigheann na mic léinn blas ar shaineolas fhoireann an Léinn Cheiltigh, agus ar shaineolas fhoireann na hollscoile go ginearálta. Cuirtear béim ar an obair allamuigh agus tá baint againn le comhghleacaithe seachtracha in earnáil na hoidhreachta; faigheann na mic léinn blas, mar sin, ar láithreáin oidhreachta na hÉireann agus ar shaineolas na gcomhghleacaithe seo.