Cluiche peile trí Ghaeilge imeartha ag foireann ó Roinn Froebel i gcoinne ‘Na Gaeil Óga’

Wednesday, October 7, 2015 - 13:00

D’imir peileadóirí ó Roinn Froebel cluiche peile trí Ghaeilge i gcoinne Na Gaeil Óga ag ócáid speisialta in Ollscoil Mhá Nuad le déanaí.

Tá Coiste Gaeilge bunaithe ag Coláiste Froebel, coiste a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste féin agus deiseanna a chur ar fáil do na mic léinn tuilleadh úsáide a bhaint as a gcuid Gaeilge. Chinn an Coiste an ócáid seo a eagrú le tús a chur leis an mbliain acadúil agus le deis a thabhairt do Na Gaeil Óga teacht go hOllscoil Mhá Nuad.

Is cumann lán-Ghaeilge de chuid an CLG é Na Gaeil Óga. Tháinig an club ar an bhfód sa bhliain 2010 agus bunaíodh foireann na mban sa bhliain 2011. Imríodh an cluiche idir na foirne ar an gcampas thuaidh. Ina dhiaidh sin, chuir Coiste Gaeilge Froebel sólaistí ar fáil do na himreoirí i Seomra na Gaeilge.

“Ba iontach an rud é go raibh an deis seo ag na hábhair oidí i Roinn Froebel nasc a chothú leis Na Gaeil Óga agus sult as bhaint as cluiche spraíúil trí mheán na Gaeilge,” arsa Séamie Ó Néill, Ceann Oideachais, Roinn Froebel.

“Bhí slua deas i láthair le breathnú ar an gcluiche. Ní raibh mórán idir na foirne. Gabhaimid buíochas le Eddie Fitzgerald an réiteoir a bhí ann ar an oíche. Bhí an-rath ar an ócáid agus táimid ag súil gur ócáid bhliantúil a bheidh ann amach anseo.”