Sna sála ar bhaill foirne eile ó Ollscoil Mhá Nuad in imeacht na mblianta: Aisling Ní Dhonnchadha, Máire Ní Annracháin, Tadhg Ó Dúshláine, agus Breandán Ó Doibhlin, thug an Dr Liam Mac Amhlaigh Léacht Uí Chadhain 2019 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Déardaoin 17 Deireadh Fómhair leis an teideal: “'Tá na coiscéimeanna tar éis filleadh arís’: leanúnachas agus nua-aoiseachas san fhilíocht iarChadhnach.”
Príomhléacht bhliantúil nualitríocht na Nua-Ghaeilge is ea Léacht Uí Chadhain a reachtáltar in ómós an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain. Labhair an Dr Mac Amhlaigh ar thréimhse lár na haoise seo caite, agus filíocht na Nua-Ghaeilge faoi bhláth ó aimsir an Direánaigh, an Ríordánaigh agus Mháire Mhac an tSaoi ar aghaidh chuig filí INNTI, agus cuid áirithe filí eile idir eatarthu. Theastaigh uaidh scrúdú a dhéanamh ar leoithne úr na hEorpa agus an Domhain ag dul i bhfeidhm ar scríbhneoirí Gaeilge na hÉireann le fáil amach ar tharla an nua-aoiseachas a bheith i dtreis i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge an tráth sin.
Áitíodh nach féidir leas a bhaint as lipéad mar fhilí nua-aoiseacha ná iar-nua-aoiseacha le ceart i gcás Davitt, Uí Mhuirthile, Rosenstock, Ní Dhomhnaill et al, ach gur gá fearas agus téarmaíocht nua chriticiúil a bhunú ar thréimhse eiseamláireach i bhfilíocht na teanga.
Léacht Uí Chadhain 2019
News & Events
Léacht Uí Chadhain 2019
Saturday, October 19, 2019 - 11:00