Maynooth University Arts and Humanities Institute
ToggleArchivium Hibernicum
For more information regarding current issues and submission please use the following link.
Irisleabhar Mhá Nuad
Bunaíodh cumann Gaelach i measc mhic léinn Mhá Nuad, TheLeague of St. Columba (a dtabharfaí Cuallacht Cholm Cille air go luath ina dhiaidh sin) sa bhliain 1898 agus é mar aidhm acu oidhreacht na tíre a chaomhnú agus a fhógairt, an teanga dhúchais ina croílár. Chun pobal na mac léinn a choinneáil ar an eolas i dtaobh a gcuid imeachtaí socraíodh go gcuirfí The Record of The League of St. Columbaamach. Foilseachán príobháideach a bhí sa Recordar dtús, ach, in eagrán na bliana 1902-03, fógraíodh go gcuirfí ar fáil go forleathan é. In eagrán na bliana 1905, ansin, cuireadh in iúl go raibh athrú tagtha ar ghnáthmhúnla an Recordagus seachas é bheith ina thaifead ar imeachtaí na Cuallachta amháin, gur shocraigh na baill go ndéanfaí iris chomhaimseartha de, ina gcuirfí i gcló aistí a thiocfadh lena gcuid aidhmeanna. Tháinig an foilseachán in inmhe i gceart, ansin, sa bhliain 1907 nuair a baisteadh Irisleabhar Mhá Nuadair.
MaireannIrisleabhar Mhá Nuadi gcónaí, é thíos seal thuas seal in imeacht na mblianta, ach é ina thobar eolais, litríochta, staire agus oidhreachta i gcónaí. I bhfocail Phádraig Uí Fhiannachta a bhí ina eagarthóir air ó na hochtóidí gur cailleadh é i mí Iúil 2016, “Bhí an tIrisleabhar ag míogarnach arís faoi 1960, agus tháinig meitheal nua a dhúisigh é, a chuir anam nua ann, agus a rinne iris liteartha thábhachtach de sna seascaidí—Ó Háinle, Ó Héalaí, Ó Croiligh ar dtús agus ansin Ó Ruairc, agus, thar aon duine eile i rith an ama, Ó Doibhlin” (IMN, 1980:7). Ach tháinig lagsprid arís air ag deireadh na seachtóidí. Ba iad na mic léinn a chuireadh amach é agus a thugadh aire do chúrsaí díolacháin agus eile. Ach toisc lagmhisneach ar Chuallacht Cholm Cille shocraigh an Fiannachtach go bhfeidhmeodh sé ina eagarthóir sealadach i gcomhair eagrán 1980, é ag súil leis i gcónaí go mbeadh ar a gcumas ag na mic léinn cúram an Irisleabhair a ghlacadh orthu féin arís, rud nár tharla lena linn. Bhí sé ina eagarthóir, mar sin, gur cailleadh é in 2016, agus don dá eagrán ina dhiaidh sin, eagráin 2017 agus 2018, coiste sealadach eagarthóireachta a thug aire dó—Tadhg Ó Dúshláine ina phríomheagarthóir, Tracey Ní Mhaonaigh, Liam Mac Amhlaigh agus Ronan Doherty ina n-eagarthóirí cúnta.
Ainmníodh Tracey Ní Mhaonaigh, ansin, ina heagarthóir ar an Irisleabhar in 2018, ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, í ina hiarbhall den Chuallacht agus ina léachtóir le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge. Faoin stiúirse is ea a dhéanfar fís an Fhiannachtaigh a réadú agus é beartaithe aici foilsiú an Irisleabhair a cheangal le staidéar iarchéime ar an Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus coiste a bhunú i measc na mac léinn in athuair.
Léachtaí Cholm Cille
Mic léinn Mhá Nuad, i gcomhar le Dámh an Léinn Cheiltigh, a chuir tús leis an tsraith bhliantúil léachtaí, Léachtaí Cholm Cille. Sraith léachtaí poiblí atá i gceist leo a reáchtáiltear gach Earrach san Ollscoil. Socraíodh go bpléifeadh na léachtaí aon ghné amháin den tsaíocht dhúchais gach bliain. Ba sa bhliain 1970 a reáchtáladh an chéad sraith agus ‘Litríocht na Gaeilge’ mar ábhar na sraithe. Seisear ar fad a thug léachtaí an chéad bhliain úd, triúr díobh i mBéarla agus triúr i nGaeilge. Is i nGaeilge is mó a bhíonn na léachtaí anois, ach fáiltítear i gcónaí roimh léacht(aí) i mBéarla nuair a oireann don ábhar. Léacht in aghaidh na seachtaine le linn aimsir an Charghais a bhí ann ar dtús, ach is thar dheireadh seachtaine thart ar aimsir na Cásca a bhíonn na léachtaí ar siúl anois. Agus an t-ábhar roghnaithe ag Scoil an Léinn Cheiltigh, tugann eagraí na sraithe áirithe cuireadh do chainteoirí a bhfuil saineolas agus spéis faoi leith acu san ábhar agus déantar na socruithe difriúla ina dhiaidh sin agus foireann na léachtóirí curtha le chéile. Cuirtear na léachtaí i gcló agus seoltar iad ag an gcéad chomhdháil eile. Duine de léachtóirí Scoil an Léinn Cheiltigh a ainmnítear gach bliain ina (h)eagraí agus (h)eagarthóir.
Maynooth Philosophical Papers
The Maynooth Philosophical Papers were founded by the late Professor Thomas A. F. Kelly in 2002. The primary goal of the journal is to present the Maynooth Department of Philosophy to the outside world by showcasing research being done by its staff and postgraduates, as well as by invited speakers. The journal originally bore the subtitle ‘An Anthology of Current Research from the Faculty of Philosophy, Maynooth University ’. The MPP would like to see itself as fostering philosophical discussion in the Irish context. It is a peer-reviewed publication that currently accepts submissions by invitation only.
Starting with issue 9 (2018), Maynooth Philosophical Papers is published in collaboration with the Philosophy Documentation Center. The PDC offers a complete archive of all back issues here.