Maynooth University warmly welcomes Professor Eeva Leinonen, who takes office today as the new President, succeeding Professor Philip Nolan, who has led the university for the past 10 years.
Cuireann Ollscoil Mhá Nuad fáilte roimh a hUachtarán nua, an tOllamh Eeva Leinonen
Cuireann Ollscoil Mhá Nuad fíorchaoin fáilte roimh an Ollamh Eeva Leinonen, a thosaíonn a tréimhse in oifig inniu mar Uachtarán nua na hOllscoile, ag teacht i gcomharbacht ar an Ollamh Pilib Ó Nualláin, atá tar éis bheith i gceannas ar an ollscoil le deich mbliana anuas.
Is taighdeoir idirnáisiúnta agus Iar-Leas-Sheansailéir in Ollscoil Murdoch, Perth na hAstráile, í an tOllamh Leinonen agus ceapadh í ag Údarás Rialaithe Ollscoil Mhá Nuad i Márta na bliana seo.
Is í an chéad Uachtarán baineann in Ollscoil Mhá Nuad.
Tá an tOllamh Leinonen i ról an Leas-Sheansailéir in Ollscoil Murdoch ó 2016, tar éis di bheith mar Leas-Sheansailéir Tánaisteach (Acadúil) in Ollscoil Wollongong i mBreatain Bheag Nua ó Dheas na hAstráile. Roimh di bogadh go dtí an Astráil, ba Leas-Phríomhoide (Oideachas) í i gColáiste an Rí, Londain.
Is as an bhFionlainn ó dhúchas don Ollamh Leinonen agus tá cúlra aici sa teangeolaíocht agus sa tsíceolaíocht. Bíonn sí ag plé le taighdeoirí sa bhFionlainn agus san Iodáil maidir lena gcuid taighde leanúnach ar fhorbairt teanga phragmatach sna páistí agus ar easnaimh phróiseála chomhthéacsúla i bpáistí agus daoine fásta óga le neamhoird de chuid speictream an uathachais.
Dúirt an tOllamh Leinonen gur onóir a bhí ann di go raibh an deis tugtha di chun an ollscoil bhreá seo a stiúradh isteach sa chéad staid eile ina cuid forbartha. Dúirt an tUachtarán nua gur féidir le hOllscoil Mhá Nuad ról suntasach a ghlacadh sa chéad ghlúin eile in Éirinn.
“Is iad sainmharcanna Ollscoil Mhá Nuad ná oideachas nuálaíoch ar ard-chaighdeán, taighde den chéad scoth a bhfuil tionchar dearfach aige ar ár sochaí agus deiseanna oideachasúla claochlaitheacha do chách gur féidir tairbhe a bhaint astu is cuma cad as ar tháinig siad agus tá dlúthbhaint acu seo leis an gcur chuige atá agam féin ó thaobh oideachais ollscoile de” a dúirt sí.
“Beidh fiche bliain ar an bhfód á gceiliúradh ag Ollscoil Mhá Nuad an bhliain seo chugainn. Cuireann sé seo an deis ar fail dúinn chun stopadh ar feadh scaithimh, ár machnamh a dhéanamh agus pleanáil do na blianta amach romhainn. Mar gheall ar an bhfás rollaithe mór, ar an bpobal éagsúil de mhic léinn, ar an dearcadh forásach agus comhghleacaíoch maidir le taighde ildhisciplíneach, agus ar a láidreachtaí sna hearnálacha a bhfuil an-thábhacht acu do thodhchaí eacnamaíoch na hÉireann, measaim féin gur féidir le hOllscoil Mhá Nuad ról tábhachtach a ghlacadh chun ullmhú don chéad ghlúin eile in Éirinn.
“Táim ag súil go mór le bheith ag comhoibriú le comhghleacaithe thar timpeall na hOllscoile, le mic léinn, leis an Údarás Rialaithe, leis an gComhairle Acadúil, le hearnáil oideachais na hÉireann agus leis na páirtnéirí agus tacadóirí go léir atá ag Ollscoil Mhá Nuad chun cur leis na gaiscí a bhain an Ollscoil amach agus í faoi stiúir ag an Ollamh Ó Nualláin agus ag na hUachtaráin a tháinig roimhe.”
Dúirt Cathaoirleach an Údaráis Rialaithe, an Dr Mary Canning, go raibh ríméad uirthi fáilte a chur roimh an Ollamh Leinonen.
“Tá an-thairbhe le baint as cuntas teiste an Ollaimh Leinonen i gceannasaíocht agus bainistíocht institiúidí ar an tríú leibhéal ní hamháin i gcás Ollscoil Mhá Nuad agus Cumann Ollscoileanna Éireann ach don chóras ardoideachais go ginearálta ag an am criticiúil seo. Guím gach rath ar an Ollamh Leinonen agus í ag tabhairt faoina ról nua.”