Tréaslaíonn Scoil an Léinn Cheiltigh lenár gcomhghleacaithe an Dr. Deborah Hayden agus an tOllamh David Stifter

An Dr. Deborah Hayden agus an tOllamh David Stifter
Tuesday, December 18, 2018 - 16:00

Tréaslaíonn Scoil an Léinn Cheiltigh lenár gcomhghleacaithe an Dr. Deborah Hayden agus an tOllamh David Stifter, a bhain gradaim amach ag Gradaim Thionscnaimh Fhoireann Ollscoil Mhá Nuad. 
Bhuaigh An tOllamh Stifter Gradam Sárshaothair don Taighde agus bhuaigh An Dr. Hayden Gradam Gaisce do Thaighde Luathghairme.
Níos luaithe i mbliana, ghnóthaigh an Dr. Hayden dámhachtain thionscnaimh ón Chomhairle um Thaighde in Éirinn. Is gradam a bhfuil ardmheas air é seo a léiríonn an sármhaitheas a bhaineann lena cuid scoláireachta agus cuirfidh sé ar a cumas foireann a earcú chun cabhrú léi taighde ceannródaíoch a dhéanamh sa dá bhliain atá amach romhainn ar chúrsaí leighis sa mheánaois in Éirinn. 
In 2015 bhí an tOllamh Stifter ar an gcéad taighdeoir i réimse an Léinn Cheiltigh a bhain deontas amach ón Chomhairle Eorpach um Thaighde, agus bhí sé i measc na gcéadthaighdeoirí i mór-réimse na teangeolaíochta stairiúla a bhain dámhachtain dá leithéid amach.