Scoil idirdhisciplíneach ilghnéitheach le traidisiún láidir teagaisc agus taighde is ea Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Mhá Nuad.
Faoi scáth na Scoile tá Roinn na Sean-Ghaeilge, Roinn na Nua-Ghaeilge, agus Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.
Cuireann an Scoil cláir éagsúla teagasic ar fáil do mhic léinn bhunchéime, iarchéime, idirnáisiúnta agus d’fhoireann na hOllscoile.
Anuas air sin, tá cultúr agus próifíl láidir taighde ag an Scoil agus tionscnaimh idirdhisciplíneacha thar réimsí éagsúla léinn ar siúl ag baill foirne na Scoile.