Welcome to the website of the Department of Modern Irish. In this you will find information on our undergraduate and postgraduate courses, on departmental staff and on various activities organised within the department.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

An MA sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad 

 
Éagsúlacht Roghanna agus Deiseanna den Scoth 
 
Ar mhaith leat a bheith i do shaineolaí Gaeilge agus scileanna comhthreomhara ilchineálacha eile a fhorbairt ag an am gcéanna? B'fhéidir go bhfuil suim mhór agat sna meáin agus i gcúrsaí cumarsáide; b'fhéidir go bhfuil tú gafa go huile is go hiomlán le cúrsaí litríochta agus anailíse; b'fhéidir go bhfuil dúil mhór agat i dtréimhsí stairiúla na teanga agus i lámhscríbhinní; b'fhéidir gur ealaíontóir cruthaitheach tú ar mhaith leat a bheith ag damhsa, ag amhrán, ag seinnt ceoil, ag ceapadh filíochta nó próis,nó ag gníomhú go healaíonta i mbealaí eile mar dhlúthchuid de do chúrsa MA. 
 
Más mar sin é, cuirfear fearadh na fáilte romhat ar chúrsa MA Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad! 

Cén saghas cúrsa é?

Cúrsa é seo dóibh siúd ar spéis leo eolas leitheadach domhain a chur ar theanga agus ar shaíocht na Gaeilge ar mhaithe le forbairt ghairmiúil agus forbairt phearsanta. Leagtar béim ar chruinneas agus ar shaibhreas teanga tríd síos ach tugtar deis do mhic léinn díriú ar na sainábhair is spéis leo féin. Chuige sin, tugtar rogha do mhic léinn tabhairt faoi cheann amháin de na trí shruth seo a leanas:
 

  • Cruinneas, Saibhreas agus Cumarsáid (na meáin)
  • Litríocht agus Critic

Is féidir an chéim Mháistreachta a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.

Tá deiseanna scoláireachta ar fáil trí scéim na hOllscoile ag an nasc seo a leanas http://tinyurl.com/33z6mbbe