Baineann traidisiún fada le hIrisleabhar Mhá Nuad, traidisiún ar cuireadh tús leis in eagrán na bliana 1898–99 den Record of The League of St. Columba. Cuallacht Cholm Cille, cumann na mac léinn, a bunaíodh sa bhliain 1898, a chuir an Record amach agus é de chuspóir acu oidhreacht liteartha, eaglasta, staire agus teanga na tíre a chur chun cinn. Sa bhliain 1907, foilsíodh faoi ainm nua é – Irisleabhar Muighe Nuadhat – ainm atá beo i gcónaí.

Eagarthóir IMN: An Dr Tracey Ní Mhaonaigh (tracey.nimhaonaigh@mu.ie)