Maynooth University
New Incoming Students
  • Search
Maynooth University
  • About Us
  • Study at Maynooth
  • Campus Life
  • Departments
  • Library
  • Maynooth Access Programme
  • Gaeilge san Ollscoil

  • A-Z Directory
  • People Finder
  • Contact
  • Location
  • Vacancies

  • For Current Students
  • For Staff
  • For Alumni
  • For Visitors

  • Support Maynooth
  • Protected Disclosures
  • About Us
  • Departments
  • A-Z Index
  • People Finder
  • News & Events
  • Location
  • Contact
  • About Us
  • Departments
  • A-Z Index
  • People Finder
  • News & Events
  • Location
  • Contact
  • For Staff
  • For Alumni
  • For Current Students
  • Maynooth at 20
Search
  • Research

    Research

    World-class research based on a distinctive, interdisciplinary approach to the natural sciences, social sciences, engineering and technology, and the arts and humanities.
    Learn More
    • Research Beacons
    • Research Community
    • Research Institutes and Centres
    • International Collaborations
    • Research Impact
    • Spotlight on Research
    • Research News & Events
    • Graduate Research Academy
    • Research Development Office
    • MaynoothWorks
    • Researcher Directory
  • Undergraduate

    Undergraduate Studies

    Thousands of first year students join us each September to begin a level 8 degree. Join us in 2025.
    Learn More
    • Level 8 Degrees
    • Open Days | Events
    • Ask Us
    • Guidance Counsellors
    • Visit Maynooth University
    • How to Apply | CAO
    • A Maynooth Education
    • Prospectus & Booklets
    • Scholarships
    • Certificates and Short Courses
  • Postgraduate

    Postgraduate Studies

    Postgraduate studies at Maynooth University is renowned for its rigorous programmes, supportive campus environment and welcoming academic community.
    Learn more
    • Taught Master's, Diplomas and Certificates
    • Research Programmes
    • Graduate Research Academy
    • Micro-credentials
    • Springboard Courses
    • Fees, Funding & Scholarships
    • How to Apply for a Postgraduate Programme
  • International

    International

    The MU International Office is the first point of contact for international students applying for full-degree, Erasmus, Study Abroad, and Summer School programmes, and supports MU students who wish to study abroad.
    Learn More
    • The Maynooth Student Experience
    • Exchange Incoming (ERASMUS and Study Abroad)
    • Study Abroad Incoming
    • Summer and Tailored Programmes
    • Prospective Full Degree Students
    • Go Abroad with Maynooth
    • Pre-Arrival & Orientation
    • Arqus European University Alliance

Search form

Close

Roinn na Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad (Modern Irish)

Toggle
  • Home /
  • Baile /
  • Mic léinn taighde
  • Baile
  • Eolas
  • Foireann
  • Cúrsaí
  • Taighde
  • Nuacht
  • Ócáidí
    • Cartlann
  • Céimithe
  • Teagmháil

  • Léachtaí Cholm Cille
  • Irisleabhar Mhá Nuad
Close
  • Baile
  • Eolas
  • Foireann
  • Cúrsaí
  • Taighde
  • Nuacht
  • Ócáidí
    • Cartlann
  • Céimithe
  • Teagmháil

  • Léachtaí Cholm Cille
  • Irisleabhar Mhá Nuad

Further Information

  • An Ghaeilge mar ábhar iarchéime
  • Mic léinn taighde
  • An Ghaeilge mar ábhar céime

    Cian Marnell

    Cian Marnell
    Ríomhphost: [email protected]
    Réimse taighde: Béaloideas
    Stiúrthóir: An Dr Eoghan Ó Raghallaigh
     

    A photo of Cian Marnell

     
    Ábhar taighde: Eagar agus anailís ar rogha ábhar Gaeilge i gCnuasach Bhéaloideas Éireann a bhailigh Seán Ó Flannagáin (1908-1996) i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chláir sna 1930idí.
    Beagán fúm féin: Is léachtóir mé le fada ar na cláir chéime san Oidhreacht a reáchtálann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i nGaillimh. Cuimsíonn mo chúraimí teagaisc modúil a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an mbéaloideas, agus táim ag súil go gcuirfidh an taighde atá ar bun anois agam le mo chuid eolais ar an dá réimse sin.
     

    Nada Ní Chuirrín

    Nada Ní Chuirrín
    Ríomhphost: [email protected]
    Réimse taighde: Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta
    Stiúrthóir: An tOllamh Tríona Ní Shíocháin.
     
    Is mac léinn dochtúireachta, damhsóir ar an sean-nós agus ceoltóir traidisiúnta í Nada Ní Chuirrín atá ag tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta). Brí, Taibhléiriú agus Ceist na hInscne i dTraidisiún an Damhsa ar an Sean-nós i gConamara an teideal atá ar a togra taighde.  Tá cur chuige nua ag baint leis an taighde seo taobh istigh de léann na Gaeilge agus na litríochta, agus beidh sé ar an gcéad dochtúireacht trí mheán na Gaeilge a chuimseoidh Taighde Ealaíonta. Trí bheith ag plé le cleachtais damhsa ó thraidisiún dúchais béil taobh istigh de chultúr mionteanga, déanfaidh an tionscnamh taighde seo forbairt ar pharaidímí an Taighde Ealaíonta taobh istigh de chomhthéacs sainiúil na Gaeilge, ag plé go háirithe le haeistéitic na dtraidisiún dúchasach béil. Bronnadh scoláireacht John agus Pat Hume ar Nada chun tabhairt faoin taighde dochtúireachta seo.

    Bhain sí céim amach sa gCeol agus sa Nua-Ghaeilge in 2020 agus MRes. sa gCeol, trí mheán na Gaeilge, in 2021 ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Eispéireas Mná: An Cleachtas Cruthaitheach sa Damhsa ar an Sean-nós an teideal a bhí ar a tráchtas máistreachta.

    Agus í i mbliain na céime, bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Scoláireacht Quercus sna hEalaíona Cruthaitheacha uirthi. Anuas ar sin, bhronn Roinn an Cheoil (COC) gradam Dhónaill ‘Doc’ Gleeson uirthi in 2019 agus scoláireacht Chomhaltas Ceoltóirí Éireann in 2017. Bronnadh dhá scoláireacht uirthi agus í ag cur isteach ar an gcúrsa MRes: Scoláireacht Feabhais (Coláiste na nEalaíon, an Léann Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, COC) agus Gradam Staf Gebruers (Roinn an Cheoil, COC). Tá dúiseanna buaite aici ag Fleadh Cheoil na hÉireann don gceol agus don damhsa ar an sean-nós agus in 2018 bhuaigh Nada Corn TG4 don gComórtas Damhsa ar an Sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge.
     
     
    Taighde:
     
    Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta
    An Taighde Ealaíonta
    An Teoiric Bhéil
    Léann na mBan/Léann na mBan Gaeltachta
    An Eitneachóiré-eolaíocht
    An Ceol Traidisiúnta
    Léann an Taibhléirithe
     
    Béarla
     
    Supervisor: Prof. Tríona Ní Shíocháin
     
    Nada is a sean-nós dancer, Irish traditional musician and PhD candidate on the Modern-Irish (Artistic Research) Programme.  Nada was awarded a John and Pat Hume Doctoral Scholarship in 2021 for her proposed research entitled Gender, Performance and Meaning in the Sean-nós Dancing Tradition of Connemara. This project will combine ethnographic and Artistic Research methods, and will be the first Irish-language doctorate to include Artistic Research methods.
    Nada received both a BA in Music and Irish in 2020 and an MRes in Music, conducted through the medium of Irish in 2021, from University College Cork.
    During her time as an undergraduate student, Nada was awarded a Quercus Scholarship for Creative and Performing Arts from University College Cork, alongside the Donal ‘Doc’ Gleeson award and the Comhaltas Ceoltóirí Éireann scholarship from the Department of Music, UCC. She received an Excellence Scholarship from the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences, UCC and the Staf Gebruers Memorial Award from the Department of Music, UCC, for her proposed masters research. Nada has been awarded All-Ireland titles for both Irish traditional music and sean-nós dancing at Fleadh Cheoil na hÉireann and in 2018 she won Corn TG4, the senior sean-nós dancing competiton at Oireachtas na Gaeilge.
     

    Sailí Ní Dhroighneáin

    Sailí Ní Dhroighneáin
    Réimse taighde: Amhránaíocht Sean-nóis agus Béaloideas
    Ríomhphost: [email protected]
    Stiúrthóir: An tOllamh Fionntán de Brún
     

    A photo of Sailí Ní Dhroighneáin

    Cúlra agus Eolas:
    Is as ceantar Chois Fharraige mé féin agus táim ag obair mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Chomh maith leis an teagasc, tá mé anois sa tríú bliain de PhD páirtaimseartha Béaloidis maidir le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe ón 18-20ú haois in Éirinn. Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí Béaloidis, agus go háirithe sna seanleigheasanna bainteach le hainmhithe. Chuala mé neart cainte ar dhream áitiúil a raibh bua faoi leith acu maidir leis an leigheas, agus a raibh scil nádúrtha acu ag déileáil le galair agus gortuithe ainmhithe. Bheartaigh mé mar sin tabhairt faoi thaighde a dhéanamh ar an ábhar seo chun breis eolais a fháil, agus chun na leigheasanna seo a bhailiú le chéile sula ndéanfaí dearmad orthu.

    Eoin P. Ó Murchú

    Eoin P. Ó Murchú
    Ríomhphost: [email protected]
     
    Réimse taighde: An tAistriúchán Liteartha
    Stiúrthóir: An tOllamh Fionntán de Brún
     

    A picture of Eoin P. Ó Murchú

     
     
    Eagar a chur ar aistriúchán amaitéarach a rinneadh ar Ulysses Joyce (Uiliséas) an t-ábhar atá idir lámha ag Eoin P.O Murchú. Tá baint ag Eoin le saol cruthaitheach na Gaeilge leis agus bíonn saothair dá chuid le feiceáil i bhfoilseacháin éagsúla agus ar líne. Tá suim ag Eoin i ngnéithe go leor de léann na Gaeilge; an t-aistriúchán agus an nualitríocht go háirithe.
     
    Cáilíochtaí
     
    2019 - Máistreacht san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, Má Nuad. 
    2018 - Teastas Eorpach na Gaeilge C1 Ardleibhéal
    2017 - Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí
    2016 - Cúrsa Máistreachta: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge UCD. An tráchtas a scríobh sé ná cuntas ar úrscéal a aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann. D’fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar faoin teideal Tinte na Farraige Duibhe agus ainmníodh ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe sa bhliain 2021 é.
    2013 - MB, BCh, BAO, NUI. 
     
    Scoláireachtaí agus duaiseanna ábhartha
     
    Duais Uí Dhoibhlin agus Scoláireacht don Mháistreacht san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Tráchtas ar anailís agus eagar a chur ar Eachtraí Sherlock Holmes.)
    Duais de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge agus Scoláireacht don chúrsa máistreachta, Coláiste na hOllscoile
    Bonn Óir na Gaeilge agus Buanghradam Gaeilge an Bhráthair Uí Dhúgáin, Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
    Duais Oireachtais d’Aiste Leighis
     
    Foilseacháin eile
     
    Tá gearrscéalta, ailt agus léirmheasanna, idir acadúil agus neamhacadúil, foilsithe aige ar na foilseacháin seo a leanas, agus eile: Nós, Lá, Lá Nua, Léann Teanga: An Reiviú, Comhar, Feasta, Meon Eile, Tuairisc, Gaelscéal. Tá páipéir acadúla curtha i láthair aige ag comhdhálacha éagsúla i gColáiste na hOllscoile BÁC, Gaillimh, Prág agus Coláiste na Tríonóide.

    Further Information

    • An Ghaeilge mar ábhar iarchéime
    • Mic léinn taighde
    • An Ghaeilge mar ábhar céime
    Back to top
    • Research
    • Study at Maynooth
    • Campus Life
    • A short history of Russia's long standing paranoia about the West
    • IVI Research
    • Latest News
    • Love Across Borders
    • People
    • PhD Students
    • PhD and Research Programmes
    • Privileged Access Management
    • Science Week: How Covid lateral flow tests work
    • Small Firm Digitization Survey (Ireland and UK)
    • Taught Programmes
    • Teaching_and_Covid-19
    • Upcoming Events
    • Chronologicon Hibernicum
    • MedRen 2018

    Ollscoil Mhá Nuad
    Maigh Nuad
    Co. Chill Dara
    Éire

    Maynooth University
    Maynooth,
    Co. Kildare,
    Ireland.

    • About Us
    • Departments
    • A-Z Index
    • People Finder
    • News & Events
    • Location
    • Contact
    • For Staff
    • For Alumni
    • For Current Students
    • Maynooth at 20
    • Library
    • Vacancies
    • Gaeilge san Ollscoil
    • Sitemap
    • Protected Disclosures
    • University Policies
    • Accessibility
    • Cookie Declaration
    • Website Privacy Policy
    • For Current Students
    • For Staff
    • For Alumni
    • For Visitors
    • Support Maynooth
    • Facebook
    • Twitter
    • LinkedIn
    • YouTube

    Maynooth University & Maynooth University logo are registered trademarks of the National University of Ireland, Maynooth.

    Registered charity number 20037130

    Maynooth University logo

    Back to top