Tá traidisiún Gaeilge i Má Nuad a théann i bhfad siar. Bunaíodh Ollúnacht le Gaeilge in 1804, go luath tar éis do Choláiste Phádraig teacht ar an bhfód. Dá bhrí sin tá an Ghaeilge á múineadh ar an gcampas le beagnach dhá chéad bliain. As Má Nuad do na Simple Lessons in Irish le hEoghan Ó Gramhnaigh, ceachtanna ceannródaíocha Gaeilge a raibh tábhacht faoi leith leo ag tús na hAthbheochana. Is as Má Nuad a cuireadh amach an chéad leagan Gaeilge den Bhíobla ina iomláine, i 1981. Bíonn comhdháil acadúil sa Roinn gach bliain – Léachtaí Cholm Cille – a bhfoilsítear a himeachtaí in aghaidh na bliana. Is as an Roinn seo, freisin, a fhoilsítear Irisleabhar Mhá Nuad atá ar cheann de na hirisí is ársa dá bhfuil sa Ghaeilge.

Is iomaí gné de léann na Gaeilge a ndéantar taighde uirthi sa Roinn, idir theanga agus litríocht, idir shean agus nua, chomh maith le réimsí léinn atá gaolmhar le Gaeilge na hÉireann. Orthu sin tá, mar shampla, an Teangeolaíocht, an Béaloideas, an Chritic, Gaeilge na hAlban. Pléitear leis an nGaeilge mar ábhar léinn agus mar chuid luachmhar d’oidhreacht chultúrtha bheo na hÉireann agus na hEorpa.Trí Ghaeilge a mhúintear gach cúrsa sa Roinn. Cuirtear fáilte roimh mhic léinn ar spéis leo an Ghaeilge féin agus na teangacha Ceilteacha agus atá ag iarraidh a gcuid eolais agus a gcuid scileanna intleachtúla a fhorbairt go cruinn.