Eolas faoin staidéar ag leibhéal na hiarchéime
 

 
MA sa Nua-Ghaeilge

Mar chuid de staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiarchéime bímid ag cur leis an dúshraith a leagadh síos ag leibhéal na fochéime, sa mhéid go ndírímid ar na scileanna bunaidh teanga ach go mbíonn deiseanna ann staidéar domhain a dhéanamh ar go leor gnéithe eile de chuid Léann na Gaeilge. I measc na n-ábhar a luaitear leis na modúil teagasctha, tá na meáin chumarsáide, an chritic, Aistriúchán, Eagarthóireacht, Filíocht an 19ú haois, an Nua-Ghaeilge Mhoch agus an Phaileagrafaíocht, na Taibhealaíona agus an Traidisiún Béil, Modhanna Taighde. Sa Mháistreacht teagasctha tugtar deis do mhic léinn ceann amháin de 3 shruth a leanúint: ·

  • Cruinneas, Saibhreas agus Cumarsáid 
  • Litríocht agus Critic 
  • Na Taibhealaíona agus an Traidisiún Béil

   Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge   MA Nua-Ghaeilge 2024/25

Scoláireacht an Oireachtais agus Scoláireacht Nua Eile i dTaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta fógartha don bhliain acadúil 2023/24 ag Ollscoil Mhá Nuad 
Is cúis mhór áthais dúinn é go mbeidh Scoláireacht an Oireachtais (€3000) á cur ar fáil don sruth MA Nua-Ghaeilge i dTaibhealaíona agus i dTraidisiúin Bhéil na Gaeilge arís i mbliana. Tá tuilleadh eolais faoin gclár nuálach MA seo la fáil ag an nasc seo a leanas https://tinyurl.com/4a24krvs . Le cur le fís an Oireachtais maidir le cur chun cinn na dtaibhealaíon Gaeilge/Gaeltachta trí Scoláireacht an Oireachtais a chur ar fáil do mhic léinn, beidh an dara scoláireacht (€2000) á cur ar fáil ag Ollscoil Mhá Nuad le tacú le cleachtóirí ar mian leo tabhairt faoin sruth nuálach MA seo go sonrach, don chéad uair i mbliana. Is deis iontach í seo d’ealaíontóirí Gaeilge/Gaeltachta de gach saghas – mar shampla, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, nó cleachtóirí ealaíonta eile. Is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an dá scoláireacht, agus tá tuilleadh sonraí le fáil thíos. 

Tuilleadh eolais le fáil sa bhileog eolais seo a leanas: Scoláireacht an Oireachtais 2023/24

 

Déanann mic léinn tionscnamh taighde pearsanta a fhorbairt le linn an chláir agus ceaptar stiúrthóir dóibh d’fhonn an tráchtas MA (15,000-20,000) a scríobh nó an togra sa taighde ealaíonta a chur i gcrích agus a leagan isteach i Lúnasa/Meán Fómhair.
 
 

PhD agus MLitt

Tá réimse leathan saineolais ag baill Roinn na Nua-Ghaeilge ar a n-áirítear Litríocht na Gaeilge ó 1200 A.D. anall, Léann an Aistriúcháin, Canúineolaíocht agus Teangeolaíocht, an Traidisiún Béil agus na Taibhealaíona. Is féidir moladh taighde le haghaidh PhD nó MLitt a phlé ach scríobh chuig an Ollamh Fionntán de Brún fionntan.debrun@mu.ie   
 

RÉIMSÍ TAIGHDE NA FOIRNE
 
 
An tOll. Fionntán de Brún 
Litríocht na Nua-Ghaeilge, An tAthbheochanachas, An Stair Chultúrtha, Stair na nIdéanna, An Traidisiún Béil, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 
 
Dr Caitlín Nic Íomhair 
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, An Iar-Chríostaíocht, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Ficsean Coiriúlachta, Litríocht Taistil, An Ghearrscéalaíocht, Próslitríocht na Gaeilge, An Léann Éireannach, Aistriúchán Liteartha, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 
 
Dr Lára Ní Mhaoláin 
Gramadach na Nua-Ghaeilge Moiche, An Phailéagrafaíocht, Eagarthóireacht Téacsanna, An Rúraíocht, an Fhiannaíocht.  
 
Dr Tracey Ní Mhaonaigh 
An Fhoclóireacht, An Dírbheathaisnéis, Litríocht agus Oidhreacht Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Stair na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, cúrsaí aistriúcháin agus eagarthóireachta, nuálaíocht oideolaíoch.  
 
An tOll. Tríona Ní Shíocháin 
Litríocht na Gaeilge agus an Traidisiún Béil, Amhránaíocht ar an Sean-nós, Ceol Traidisiúnta na hÉireann, Banfhilí agus Banchumadóirí, Canúintí na Mumhan, Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta, Cleachtas an Taibhithe agus na Cruthaitheachta, Teoiric na Béalaireachta, An Teoiric Shóisialta, Eitnicheoleolaíocht,  Polaitíocht agus Tairngreachtaí, Suibiachtúlachtaí Nua-aoiseacha, Stair na Smaointeoireachta. 
 
Dr Brian Ó Catháin 
An Fhoghraíocht, An Chanúineolaíocht, An tSochtheangeolaíocht, Teanga agus Béaloideas Árann, Stair an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin, Léann na Beathaisnéise. 
 
Dr Eoghan Ó Raghallaigh 
Filíocht Chlasaiceach agus Iarchlasaiceach na Gaeilge, An Chanúineolaíocht, Léann na Beathaisnéise.