IRAAL Conference 2023

Plurilingual Mindsets in an increasingly bi-/multilingual world

IRAAL connects language academics and professionals, language teachers, researchers, and junior researchers across diverse strands of work including applied linguistics, linguistics, sociolinguistics, and many others.  We are an open and active community pursuing our aim of supporting language-related research in all its forms by organising lectures, seminars, and workshops across Ireland.
 
IRAAL's history dates back to its foundation in 1975 to support research in applied and general linguistics in Ireland.
It is affiliated to the International Association of Applied Linguistics (AILA). 
Our publications include the annual bilingual, open-access online academic journal TEANGA as well as special volumes on specific topics.

IRAAL’s National Conference 2023 will be held in Maynooth University (MU), National University of Ireland on campus on Saturday 18th November 2023. The event is a close collaboration between colleagues from the School of Modern Languages, Literatures and Cultures and the Lárionad na Gaeilge at MU. This is a particularly poignant moment for us as it is the first time that MU is hosting the event, and also allows us to mark the increasing vitality of Applied Linguistics at Maynooth University since the creation of our MA and PhD in Applied Linguistics and Intercultural Studies programmes in 2019.

We hope to make IRAAL@MU 2023 a meeting place for productive and exciting conversations about how our work as applied linguists, within and across strands, might evolve in response to recent challenging events, and how we can increase opportunities for collaboration, dialogue, and action among all presenters and attendees, and their institutions.
 

An meon ilteangach i saol dá-/breisteangach an lae inniu

Is gréasán gairmiúil é Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí do thaighdeoirí sinsearacha agus sóisearacha, agus do mhúinteoirí teanga atá ag saothrú i ngort na teangeolaíochta, na teangeolaíochta feidhmí agus na sochtheangeolaíochta. Pobal oscailte gníomhach é, a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le gach cineál taighde ar chúrsaí teanga, trí léachtaí, seimineáir agus ceardlanna a eagrú ar fud na hÉireann.

Téann  stair an chumainn siar go dtí 1975 nuair a bunaíodh é chun tacú le taighde sa teangeolaíocht fheidhmeach in Éirinn. Is ball é de Chumann Idirnáisiúnta na Teangeolaíochta Feidhmí (AILA). I measc a chuid foilseachán tá an iris bhliantúil dhátheangach TEANGA, chomh maith le himleabhair speisialta ar ábhair ar leith.

Tionólfar Comhdháil Náisiúnta 2023 de chuid Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Ollscoil Mhá Nuad, Dé Sathairn 18 Samhain 2023. Is é Scoil na Nuatheangacha, na Litríochta agus na gCultúr atá ag eagrú na comhdhála, i gcomhar le comhghleacaithe ó Lárionad na Gaeilge. Is é seo an chéad uair atá comhdháil náisiúnta IRAAL á heagrú in Ollscoil Mhá Nuad agus is tráthúil go bhfuil sé ag tarlú anois, toisc go bhfuil borradh faoi leith faoin teangeolaíocht fheidhmeach san Ollscoil ó cuireadh tús le MA agus le PhD sa Teangeolaíocht Fheidhmeach agus sa Léann Idirchultúrtha sa bhliain 2019.

Tá súil againn go spreagfaidh IRAAL@MU 2023 comhráite fiúntacha bríomhara faoinár gcuid oibre i réimsí éagsúla den teangeolaíocht fheidhmeach, faoi conas is féidir leis an obair sin freagairt d’athruithe agus do dhúshláin sa tsochaí agus faoi conas is féidir cur leis an bplé agus leis an gcomhoibriú i measc bhaill IRAAL, lucht freastail na comhdhála agus ár gcuid institiúidí.

Sponsors:

This conference is generously supported by the following:
Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc & Tástáil
School of Modern Languages, Literatures and Cultures
Faculty of Arts, Celtic Studies & Philosophy
Arts & Humanities Institute

Urraitheoirí:

Tá muid buíoch de na páirtnéirí seo a leanas as tacú go fial leis an gcomhdháil seo:
Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc & Tástáil
Scoil na Nuatheangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
Dámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na FealsúnachtaInstitiúid na nEalaíon agus na nDaonnachtaí