
Oíche Scéalaíochta agus Amhránaíochta
Mairéad Éanaí as Ráth Chairn, Eithne Ní Ghallchobhair as Ard an Rátha in iardheisceart Thír Chonaill agus Stiofán Ó Briain as Ollscoil Mhá Nuad. Cloisfimid amhráin fosta ó Mháire agus Étáin Ní Churraoin as Ráth Chairn, beirt a bhí sa tsraith iomráiteach Bláth na hÓige (TG4).
Ionad: The Clock House i Maigh Nuad
Ticéad: Eventbrite

Is as Ard an Rátha in iardheisceart Thír Chonaill Eithne Ní Ghallchobhair. Chuir sí suim sa scéalaíocht agus í óg agus chaith cuid mhór ama ag éisteacht le scéalaithe an cheantair agus iad ag dul don Fhiannaíocht, don Rúraíocht agus do na scéaltaí iontais a mhair leis na cianta ina measc. Tá an-dúil aici sa reacaireacht agus i rithimí na haithrise. Bíonn oícheanta scéalaíochta aici go rialta i dteach s'aici agus ag na suíomhanna seandálaíochta iomadúla atá thart uirthi.

Is scéalaí, file, agus criticeoir liteartha é Stiofán Ó Briain, atá ag tabhairt faoi staidéar dochtúireachta ar choincheap na bhfireannachtaí i ngearrscéalaíocht Uí Chadhain. Foilsíodh saothar dá chuid in Comhar, in iris Éigse Éireann agus i Scríbhneoirí Cois Teorann 5. Mar scéalaí, bíonn Stiofán ag cumadh agus ag aithris scéalta béaloidis atá fréamhaithe i ndomhan samhlaíoch dá chuid féin darb ainm Tulach na dTadhg.

Is amhránaithe ar an Sean-Nós, cainteoirí dúchais Gaeilge agus deirfiúracha iad ‘An Chéad Ghlúin Eile’ ó Ghaeltacht Ráth Chairn. Casann Étáin agus Máire Ní Churraoin amhráin sean-nóis i gcomhcheol lena chéile. ‘Cá’il an Bheirt?’ atá ar a n-albam. Bhain an bheirt an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 'Réalta agus Gaolta' i 2019. Seanuncail leo ab ea an t-amhránaí clúiteach Darach Ó Catháin. Taibhíonn ACGE ar stáitsí ar fud fad na tíre, an domhain mhóir agus ar an teilifís. Bíonn na deirfiúracha gníomhach ar na meáin shóisialta ag cur chultúr agus oidhreacht na nGael chun cinn @AnCheadGhluinEile! Is baill iad Étáin agus Máire den bhanna idir-Ghaeltachta ‘Bláth na hÓige’ a bhuaigh RTÉ Folk Award do Folk Track na bliana 2024 agus den bhanna ‘Aibhse’.
Evening of Storytelling and Singing
Featuring storytellers Mairéad Éanaí from Ráth Chairn, Eithne Ní Ghallchobhair from Ard an Rátha SW Donegal and or own Stiofán Ó Briain from Maynooth University. They will be joined by singers from Ráth Chairn, Co. Meath Gaeltacht, sisters Máire and Étáin Ní Churraoin, stars of the award-winning series Bláth na hÓige (TG4).
Venue: Brady's Clock House, Maynooth
Get tickets.
Eithne Ní Gallchobhair is from Ard an Rath in south-west Donegal. She became interested in storytelling when she was young and spent a lot of time listening to the storytellers of the area telling stories from the Finn cycle and Ulster cycle and the wonder stories that have survived among them for centuries. She is passionate about storytelling and its rhythms. She regularly hosts story nights at her home and at the many archaeological sites around her.
Stiofán Ó Briain is a storyteller, poet, and literary critic, who is undertaking a doctoral study on the concept of masculinities in Máirtín Ó Cadhain's short stories. His work has been published in Comhar, Éigse Éireann magazine and Scríbhneoirí Cois Teorann 5. As a storyteller, Stiofán creates and tells folklore stories rooted in his own imaginary world called Tulach na dTadhg.
An Chéad Glúin Eile are sean-nós singers, native Irish speakers and sisters from the Ráth Chairn Gaeltacht. Étáin and Máire Ní Churraoin sing sean-nós songs in harmony with each other. Their album is entitled ‘Cá’il an Bheirt? (Where are those two?). The sisters won first place in the TG4 family competition 'Réalta agus Gaolta' in 2019. Their great-uncle was the famous singer Darach Ó Catháin. ACGE perform on stages all over the country, the world and on television. The sisters are active on social media promoting Gaelic culture and heritage @AnCheadGhluinEile! Étáin and Máire are members of the inter-Gaeltacht group 'Bláth na hÓige', which won the RTÉ Folk Award for Folk Track of the year 2024, and of the band 'Aibhse'.