![](https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/styles/ratio_2_3/public/assets/images/Su%C3%ADomh%20Gr%C3%A9as%C3%A1in%20Cl%C3%B3%20L%C3%A9ann%20na%20Gaeilge.jpg?itok=tJXRv9gN)
Cuireadh tús le tionscnamh bisiúil ag deireadh na bliana seo caite a bhfuil impleachtaí tábhachtacha ann do Léann na Gaeilge ar fud an oileáin: bunú CLÓ, inphrionta acadúil a fhoilseoidh saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilseoidh CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla. Beidh sé i gceist go mbeadh CLÓ mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge.
Beidh sé mar aidhm ag CLÓ an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde sa réimse thuasluaite a fhoilsiú i nGaeilge. Freagra ar an riachtanas le fearas nua foilsitheoireachta a chur i dtoll a chéile is ea CLÓ, ionas go mbeadh seachadadh scoláireacht agus taighde i Léann na Gaeilge slán sna blianta amach romhainn.
Aithnítear an rannpháirtíocht ó Ollscoil Mhá Nuad agus an tOllamh Fionntán de Brún ar an gcéad bhord comhairleach idirnáisiúnta eagarthóireachta agus an Dr Liam Mac Amhlaigh ina bhall den ghrúpa maoirseachta. Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ag clo.ie.