![](https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/styles/ratio_2_3/public/assets/images/Nuacht%20na%20Gaeilge%20ComharTAIGHDE.jpg?itok=vgGpQzT3)
Ba é an tOllamh Alan Titley a sheol an cúigiú heagrán de COMHARTaighde (www.comhartaighde.ie) Déardaoin 29 Samhain: an chéad ríomhiris phiarmheasta i léann na Gaeilge. Tá Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de thrí institiúid tríú-leibhéal atá tar éis a bheith rannpháirteach in eagar agus foilsiú na hirise i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta Gaelach, COMHAR. Téann an iris ó neart go neart le saothar cúig alt agus cúig léirmheas in 2019, agus iad ar fad innéacsaithe sa DOAJ, agus ar fáil don phobal i rochtain fhoinse-oscailte ar scáileán.
Tá Ollscoil Mhá Nuad páirteach in COMHARTaighde ón tús, agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, agus an tOllamh Fionntán de Brún ar an mbord comhairleach eagarthóireachta, agus ailt ó bhaill foirne ar aon dul le Tadhg Ó Dúshláine, Tracey Ní Mhaonaigh agus Caitlín Nic Íomhair in eagráin éagsúla agus Liam Mac Amhlaigh ina chomheagarthóir bunaidh ar an gcéad chúig eagrán. Tá an ghairm ar ailt amuigh anois d'eagráin 6/7 le sprioc den chéad lá Feabhra 2020.