![](https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/styles/ratio_2_3/public/assets/images/PXL_20250117_202627194.jpg?itok=3-3mk3GK)
Tháinig pobal na Gaeilge le chéile sa Centre Culturel Irlandais (CCI) i bPáras an tseachtain seo caite le ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain de theagasc na Gaeilge ansin agus chun cáilíochtaí Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a bhronnadh ar roinnt foghlaimeoirí ar éirigh leo sna scrúduithe sin le déanaí.
I measc na n-aíonna a bhí i láthair ar an oíche bhí Leas-Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, an tUasal Micheál Tierney, Eoin Ó Droighneáin, Príomhoifigeach Straitéisí agus Tacaíochtaí Náisiúnta Teanga agus Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, Anna Ní Ghallachair, Iar-Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, chomh maith le mic léinn na Gaeilge in CCI agus ionadaithe ó phobal na Gaeilge i bPáras, An Ghaeltacht-sur-Seine. Ina dteannta sin, bhí an t-amhránaí agus ceoltóir aitheanta, Brían Mac Gloinn ó Ye Vagabonds, a chuir scoth an cheoil agus na hamhránaíochta i láthair an tslua.
Tá stair fhada ag an nGaeilge i bhfoirgneamh an CCI, a théann siar na céadta bliain go dtí aimsir Choláiste na nGael. Foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge ansin sa bhliain 1732, beagnach 300 bliain ó shin. Tá dlúthcheangal ag Ollscoil Mhá Nuad leis an áit, ós rud é go raibh baint ag bunú Choláiste Mhaigh Nuad in 1795 le dúnadh Choláiste na nGael i bPáras, de bharr Réabhlóid na Fraince.
Tá an scéal faoin gcaidreamh idir CCI agus Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na scéalta rathúla is mó atá ag Lárionad na Gaeilge. Nuair a bunaíodh an Centre Culturel Irlandais i gColáiste na nGael in 2001, d’aithin Anna Ní Ghallachair agus lucht na Gaeilge i Maigh Nuad, deis an nasc idir an t-ionad nua agus an Ollscoil a chothú, lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge lárnach in imeachtaí an ionaid. Cuireadh tús leis na cúrsaí Gaeilge sa CCI i mí Mheán Fómhair 2005 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, a bhuí leis an maoiniú a chuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán ar fáil don Lárionad chun na cúrsaí agus scrúduithe a reáchtáil. I mbliana, tá 75 duine cláraithe do chúrsaí Gaeilge ag cúig leibhéal cumais agus tabharfaidh sciar maith den ghrúpa sin faoi scrúduithe TEG sa samhradh.
Tá pobal an-dlúth Gaeilgeoirí tar éis fás agus forbairt mar gheall ar na ranganna Gaeilge sa CCI agus ní Éireannaigh amháin atá i gceist. Ina measc, tá Francaigh ar de bhunadh na hÉireann iad, Francaigh eile nach bhfuil aon cheangal leis an tír ach spéis acu sa teanga, agus daoine ó thíortha eile a bhí fiosrach faoin nGaeilge agus faoin gcultúr Gaelach.
Labhair cainteoirí ón Ambasáid agus ó Ollscoil Mhá Nuad faoin gcumhacht a bhaineann le breathnú ar an nGaeilge trí lionsa idirnáisiúnta Eorpach agus luaigh an Leas-Ambasadóir na féidearthachtaí a bhaineann leis an gceangal idir Gaeilgeoirí Pháras agus Gaeilgeoirí na Bruiséile a neartú, chun úsáid na teanga ar an mór-roinn a mhéadú.
Ag an ócáid, seoladh Gradam Anna Ní Ghallachair chun aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne Anna le linn na mblianta a chaith sí ag obair ar an togra seo. Bronnfar an gradam seo gach bliain feasta ar dhuine de na foghlaimeoirí a chuireann go mór le saol na Gaeilge i bPáras. Bronnadh gradam na bliana seo ar Stiofáinín Nic Cárthaigh, bean atá an-ghníomhach i saol na Gaeilge agus an cheoil Ghaelaigh i bPáras le roinnt blianta anuas. Cé gur as Cill Áirne ó dhúchas do Stephanie, is i gCeanada a chaith sí cuid mhaith dá hóige. Nuair a d’fhill a teaghlach ar Éirinn agus í ina déagóir, bhí díolúine aici ón nGaeilge, ach d’iarr sí cead speisialta freastal ar ranganna Gaeilge na hidirbhliana. Chuaigh an múinteoir, Miss Kelleher (an t-amhránaí cáiliúil sean-nóis, Máire Ní Cheilleachair!) go mór i bhfeidhm uirthi, agus beagnach tríocha bliain ina dhiaidh sin, ag tús na paindéime, bheartaigh sí filleadh ar an nGaeilge arís chun í a fhoghlaim i gceart. Tá Stephanie an-lárnach i saol na Gaeilge i bPáras ó shin. Tá sí ina ball de choiste An Ghaeltacht sur Seine, múineann sí ranganna amhránaíochta ag an Association Irlandaise i bParas go seachtainiúil, agus tá sí tar éis Cór Choláiste na nGael a bhunú le déanaí, cór Gaeilge a bhíonn ag canadh ag ócáidí speisialta de chuid an Ghaeltacht-Sur-Seine agus in Ambasáid na hÉireann.
Cadeau nó bronntanas iontach atá sa Ghaeilge, dar leis na foghlaimeoirí, atá tar éis pobal díograiseach fuinniúil a thabhairt le chéile i bPáras le 20 bliain anuas. Tá Lárionad na Gaeilge an-bhródúil as an ról a bhí againn leis an bpobal sin a chothú agus tá muid ag súil go mbeidh sé faoi bhláth go ceann i bhfad.