Close

MA NUA-GHAEILGE

Qualification : MASTER OF ARTS DEGREE

Award Type and NFQ level : TAUGHT MASTERS (9)

CAO/PAC code : MHU51

CAO Points :

Closing Date : 30 June 2024

View FETAC details

Eolas faoin gCúrsa

Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.

Riachtanais Iontrála

Bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Nua-Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga. Bíonn agallamh i gceist mar chuid den mheasúnú iontrála.

Struchtúr an Chúrsa

Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.

Course Duration: 2 Bhliain Páirtaimseartha

Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.

Cur isteach ar an gCéim

Iarratas ar líne amháin http://www.pac.ie/maynoothuniversity

Cód PAC
MHU51 Páirtaimseartha

Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC

D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in Ollscoil Mhá Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.

Back to top