Maynooth University Social Sciences Institute (MUSSI) is an exciting new research institute established in 2015 as part of the implementation of the University's ambitious Research Strategy (2012-2017).  MUSSI will lead two of the University’s six strategic research priorities: People, Place and Environment and Social and Economic Transformations.

MUSSI retains, incorporates, extends and builds on the success of a number of existing research institutes and centres, including the National Institute for Regional and Spatial Analysis (NIRSA), the National Centre for Geocomputation (NCG) and the International Centre for Local and Regional Development (ICLRD).  It also consolidates, develops and supports a number of associated critical national data infrastructures including the All-Island Research Observatory (AIRO), the Irish Qualitative Data Archive (IQDA), and Digital Repository Ireland (DRI)

Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad (MUSSI) – is institiúid nua spreagúil taighde í seo a bunaíodh i 2015 mar chuid de chur chun feidhme straitéis uaillmhianach na hOllscoile, straitéis dar teideal Straitéis Taighde (2012-2017). Is é MUSSI a rachaidh i gceannas ar dhá cheann de thosaíochtaí straitéiseacha taighde na hOllscoile: Daoine, Áit agus Timpeallacht agus Athruithe Sóisialta agus Eacnamaíocha ó Bhun.

Déanann MUSSI an rath a bhí ar roinnt institiúidí agus ionaid taighde cheana féin a choimeád, a chorprú, a leathnú agus a fhorbairt. Áirítear orthu siúd An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus um Spásanailís (NIRSA), an Lárionad Náisiúnta um Gheoiríomhaireacht (NCG) agus an Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (LIFAR). Ina theannta sin, déanann sé roinnt áiseanna náisiúnta criticiúla bonneagair gaolmhara a dhaingniú, a fhorbairt agus a thacú. Áirítear orthu siúd An Fhaireachlann Taighde Uile-Oileáin (AIRO)Cartlann Sonraí Cáilíochtúla na hÉireann (IQDA), agus Stór Digiteach Éireann (DRI)