Close

MA NUA-GHAEILGE

Qualification : MASTER OF ARTS DEGREE

Award Type and NFQ level : TAUGHT MASTERS (9)

CAO/PAC code : MHU50

CAO Points :

Closing Date : 30 June 2024

View FETAC details

Eolas faoin gCúrsa

Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas. 

Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thograí sa chleachtas cruthaitheach i réimse na dtaibhealaíon, an traidisiúin bhéil, agus/nó na scríbhneoireachta cruthaithí mar chuid den chúrsa chomh maith más mian leo. Chomh maith leis seo, bíonn rogha ag an mac léinn idir tráchtas (NG699) agus togra sa taighde ealaíonta (NG637). Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh:  

  1. Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
  2. Litríocht agus Critic
  3. Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
  4. An MA Nua-Ghaeilge ginearálta 

 

Riachtanais Iontrála

De ghnáth, bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga a bhíonn ag teastáil. Déanfar iarratais a mheas freisin ó iarrthóirí a bhfuil céim acu in ábhair eile ach ar féidir leo an cumas cuí sa Ghaeilge a léiriú.

Struchtúr an Chúrsa

Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.

Tá ceithre chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:

  1. Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
  2. Litríocht agus Critic
  3. Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
  4. An MA Nua-Ghaeilge ginearálta

Seo hiad na cóid ar an gcóras PAC ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna 1-4 thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.

Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge.

Course Duration: 1 bhliain lánaimseartha

Deiseanna Fostaíochta

Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht, na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.

Cur isteach ar an gCéim

Iarratas ar líne amháin http://www.pac.ie/maynoothuniversity

Cód PAC
MHU50 Lánaimseartha

Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC

D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in Ollscoil Mhá Nuad: cóip dá dteastas breithe nó de phas bailí, tras-scríbhinn oifigiúil agus dhá theistiméireacht acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.

Back to top