Seomra na Gaeilge seolta go hoifigiúil ag Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin

Seomra na Gaeilge seolta go hoifigiúil
Thursday, January 28, 2016 - 14:45
 


Sheol Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, An tOllamh Pilib Ó Nualláin, Seomra Gaeilge na hOllscoile go hoifigiúil an tseachtain seo. Spás sóisialta ar leith atá ann do phobal na hOllscoile an Ghaeilge a labhairt. Bhí idir mhic léinn agus bhaill foirne i láthair ag an ócáid speisialta seo. Is ionad buail isteach é Seomra na Gaeilge atá lonnaithe i bhfoirgneamh na nEalaíon ar an gcampas thuaidh. Casann Cumann Gaelach na hOllscoile, Cuallacht Cholmcille, ann go minic. Cuirtear ócáidí éagsúla ar siúl ann go rialta – ‘Tae agus Plé’ agus seisiúin cheoil san áireamh.

 
Dúirt an tOllamh Pilib Ó Nuallláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, go gcuireann sé gliondar croí air daoine óga a fheiceáil i Seomra na Gaeilge, seomra atá lonnaithe i gcroílár an champais, spás geal agus fáilteach agus áit a labhraítear an Ghaeilge le háthas agus le cairdeas.
“Nuair a tháinig mé go Má Nuad ceithre bliana ó shin, baineadh siar mé le háthas mar go raibh an Ghaeilge chomh mór chun fóir agus feiceálach ar an gcampas agus mar go raibh an-spéis ag pobal na hOllscoile sa Ghaeilge. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na glúine – baill foirne agus mic léinn – a chuir le gaisce na Gaeilge anseo san Ollscoil le blianta,” a dúirt sé.
 
Leag an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann le háit speisialta a bheith ar fáil don Ghaeilge san Ollscoil.
 
 Chuir an tOllamh Seán Ó Riain, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, leis an méid sin. Dúirt sé: “Beidh Seomra na Gaeilge mar acmhainn iontach do phobal Ollscoil Má Nuad, bíodh beagán nó mórán Gaeilge acu. Cuirfidh sé go mór leis an obair atá ar siúl ar son na Gaeilge san Ollscoil, le tacaíocht láidir ón Uachtarán agus óna chomhghleacaithe.”
 
Thug Aontas na Mac Léinn tacaíocht don tionscadal. Labhair Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Matt Ó Baoill, faoi na cuimhní cinn atá aige ar Sheomra na Gaeilge. Bhí Matt ina bhall gníomhach de Chuallacht Cholmcille agus é ina mhac léinn san Ollscoil. D’fheidhmigh sé mar Uachtarán an chumainn anuraidh.
"Bhí an-craic agamsa sa Seomra thar na blianta agus ba mhór an onóir é a bheith bainteach leis an tionscadal seo," a dúirt sé.
 
I mí Aibreáin 2015, bhronn Glór na nGael an chéad duais sa chomórtas do Chumainn Tríú Leibhéal ar Chuallacht Cholmcille. Dar le Deirdre Ní Chearúil, Uachtarán na Cuallachta, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart in Ollscoil Mhá Nuad.
“Táimid an-bhuíoch den Ollscoil as athchóiriú a dhéanamh ar an Seomra agus áit iontach compordach a chur ar fáil do na mic léinn,” a dúirt sí. 
 
Cuireadh sólaistí ar fáil don slua agus le deireadh a chur leis an ócáid, chas cuid de mhic léinn idirnáisiúnta na hOllscoile amhrán as Gaeilge. Freastalaíonn na mic léinn seo ar ranganna Gaeilge atá curtha ar fáil dóibh ag Ollscoil Mhá Nuad.