Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) ar siúl i mBaile Átha Cliath in 2015/16

Wednesday, May 20, 2015 - 12:30

Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, d’fhorbair Ionad na dTeangacha an cúrsa Dioplóma seo i 2012. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Tá béim ar an  bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir. Beidh deis ag gach rannpháirtí tacaíocht agus comhairle a fháil ó mheasúnóir a thabharfaidh trí chuairt ar an rannpháirtí le linn dó /di a bheith i mbun teagaisc.

Feidhmeanna an chúrsa:

  • Oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe maidir le conas Gaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta.
  • Cur le scileanna teagaisc na rannpháirtithe.
  • Cur le heolas na rannpháirtithe ar an taighde is deireanaí a rachadh chun tairbhe dóibh i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.
  • Deis a thabhairt do rannpháirtithe smaointe, moltaí praiticiúla agus tuairimí a mhalartú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa, cliceáil anseo.