MU President Prof Philip Nolan admitted as Member of the Royal Irish Academy (RIA)

Friday, May 21, 2021 - 17:00

Irish Version

Maynooth University congratulates Prof Philip Nolan, President of Maynooth University, on his admission to the Royal Irish Academy (RIA) today. 
 
Prof Nolan was among the 27 new Members admitted by RIA President Dr Mary Canning in a virtual ceremony this afternoon. The new Members were elected for their exceptional contribution to the sciences, humanities and social sciences as well as to public service.

In his citation, Prof Nolan is noted as “a distinguished researcher, teacher and administrator, who has received several prestigious research awards as well as the President’s Teaching Award at University College Dublin. He has provided outstanding leadership to Maynooth University since his appointment as president in 2011. Most recently, he has chaired the National Public Health Emergency Team (NPHET) Irish Epidemiological Modelling Advisory Group, with responsibility for advising government on the response to the Covid-19 virus, and has earned national admiration for his dedication and sound counsel.”

Welcoming the newly admitted Members, Dr Canning said: “These 27 new Members are recognised for their scholarly achievements, typically reflecting many years of research, or for significant contributions to Irish society. They bring international academic distinction to our country and we should be immensely proud of these remarkable women and men. As Members of the Academy, they will strengthen our capacity to provide expert advice on Higher Education and Research policy.”

The 27 new Members of the Academy are:

Francis Peter Barry (NUIG); Frank Barry (TCD); Ruth Barton (TCD); Joseph Bergin (Manchester University); John Brannigan (UCD); Janice Carruthers (QUB); John Crown (St Vincent's, DCU, UCD); Deirdre Curtin (European University Institute); Philip Dine (NUIG); John Feehan (UCD); Gerard W Hogan (Court of Justice of the European Union); Derek Jackson (UU); Pierre Joannon (Independent scholar); Joseph Keane (TCD); Ed Lavelle (TCD); Anne Magurran (University of St Andrews); N Gerard McElvaney (RCSI); Rory Montgomery (QUB, TCD); Michael Anthony Morris (TCD); Meidhbhín Ní Úrdail (UCD); Philip Nolan (MU); Bashar Nuseibeh (UL); Brian O’Connor (UCD); Lorraine O’Driscoll (TCD); Richard Schoch (QUB); Patrick Sims-Williams (Aberystwyth University); Desmond Tobin (UCD).

The RIA has honoured Ireland’s leading contributors to the world of learning since its establishment in 1785, and those elected by their peers are entitled to use the designation ‘MRIA’ after their name.

There are 637 Members of the RIA including: Nobel Laureates William C. Campbell and John O'Keefe; Louise Richardson, Vice-Chancellor of the University of Oxford; Frances Ruane, economist; Philip Lane, European Central Bank; Fabiola Gianotti, Director General CERN; Brigid Laffan, Irish political scientist and Director of the Robert Schuman Centre for Advanced Studies; and Geraldine Byrne-Nason, Irelands Permanent Representative to the UN.

Past Members have included Maria Edgeworth, a pioneer of the modern novel and Nobel laureates: WB Yeats; Ernest Walton, Erwin Schrödinger and Seamus Heaney.

Uachtarán OMN an tOllamh Pilib Ó Nualláin tugtha isteach mar Bhall Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ)
 
Gabhann Ollscoil Mhá Nuad comhghairdeas inniu leis an Ollamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, tar éis dó bheith tugtha isteach go dtí Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) inniu.

Bhí an tOll Ó Nualláin i measc 27 Ball nua a tugadh isteach ag Uachtarán ARÉ an Dochtúir Mary Canning i searmanas fíorúil iarnóin inniu. Toghadh na Baill nua mar gheall ar an méid atá déanta acu do na heolaíochtaí, na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta agus don tseirbhís phoiblí chomh maith.

Sa lua mar gheall air, cuirtear síos ar an Oll Ó Nualláin mar seo a leanas; “taighdeoir, teagascóir agus riarthóir aitheanta, a bhfuil roinnt mhaith de ghradaim thaighde mhórluachacha tar éis bheith bronnta air chomh maith le Gradam Teagaisc an Uachtaráin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá ceannaireacht ar ardchaighdeán curtha ar fáil aige in Ollscoil Mhá Nuad ó ceapadh é mar uachtarán sa bhliain 2011. Le déanaí, tá sé tar éis feidhmiú mar chathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach Múnlaithe Eipidéimeolaíochta na hÉireann don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (FNELP), a bhfuil freagracht acu chun comhairle a chur ar an rialtas maidir lena fhreagra ar an víreas Covid-19, rud a chiallaíonn go bhfuil ardmheas bainte amach aige ar fud na tíre dá thiomantas don ról agus dá chomhairle iontaofa.”

Ag cur fáilte roimh na Baill nua atá díreach tugtha isteach, dúirt an Dr Canning: “Tá na 27 Ball nua seo aitheanta dá ngaiscí scolártha, bainte amach go hiondúil tar éis blianta fada de thaighde, nó don mhéid suntasach atá déanta acu do shochaí na hÉireann. Tugann siad aitheantas acadúil idirnáisiúnta don tír seo agus ba cheart dúinn bheith fíor-bhródúil go deo as na mná agus fir shármhaitheasa seo. Mar bhaill den Acadamh, neartóidh siad an cumas atá againne chun comhairle shaineolaíoch a chur ar fáil ar pholasaithe a bhaineann le hArdoideachas agus Taighde.”
 
Is iad na 27 Ball nua den Acadamh ná:

Francis Peter Barry (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh); Frank Barry (Coláiste na Tríonóide); Ruth Barton (Coláiste na Tríonóide); Joseph Bergin (Ollscoil Mhanchain); John Brannigan (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath); Janice Carruthers (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste); John Crown (Ospidéal Naomh Uinseann, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath); Deirdre Curtin (Institiúid Ollscoile na hEorpa); Philip Dine (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh); John Feehan (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath); Gerard W Hogan (Cúirt Bhreithiúnais Aontas na hEorpa); Derek Jackson (Ollscoil Uladh); Pierre Joannon (Scoláire neamhspleách); Joseph Keane (Coláiste na Tríonóide); Ed Lavelle (Coláiste na Tríonóide); Anne Magurran (Ollscoil Naomh Aindriú); N Gerard McElvaney (Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn); Rory Montgomery (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na Tríonóide); Michael Anthony Morris (Coláiste na Tríonóide); Meidhbhín Ní Úrdail (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath); Philip Nolan (Ollscoil Mhá Nuad); Bashar Nuseibeh (Ollscoil Luimní); Brian O’Connor (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath); Lorraine O’Driscoll (Coláiste na Tríonóide); Richard Schoch (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste); Patrick Sims-Williams (Ollscoil Aberystwyth); Desmond Tobin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).

Tá Acadamh Ríoga na hÉireann tar éis na príomhrannpháirtithe i saol na foghlama a onórú ó bunaíodh í sa bhliain 1785 agus tá iad siúd a bhí tofa ag a bpiaraí i dteideal ‘MRIA’ a úsáid mar theideal i ndiaidh a n-ainme.

Tá 637 Ball in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an iomlán lena n-áirítear: na buaiteoirí Nobel William C. Campbell agus John O’Keefe; Louise Richardson, Leas-Seansailéir na hOllscoile Oxford; Frances Ruane, eacnamaí; Philip Lane, Banc Ceannais na hEorpa; Fabiola Gianotti, Ard-stiúrthóir ar an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach; Brigid Laffan, eolaí polaitiúil Éireannach agus an Stiúrthóir ar Lárionad Robert Schuman don Ardléann; agus Geraldine Byrne-Nason, Ionadaí Buan na hÉireann ar na Náisúin Aontaithe.

I measc na mball ón am atá caite bhí Maria Edgeworth, ceannródaí ar an úrscéal nua-aimseartha agus buaiteoirí Nobel: WB Yeats; Ernest Walton; Erwin Schrödinger agus Seamus Heaney.