MU 85th in global Young University Rankings and #1 in Ireland

Maynooth University climbs 21 places in 2023 THE Young University rankings
Monday, July 3, 2023 - 12:00

Irish version

Maynooth University has climbed 21 places to 85th in the 2023 Times Higher Education (THE) Young University rankings. Maynooth University also retains its top position as #1 young university in Ireland.

The international Young University Rankings are based on a range of criteria including research income achieved; reputation for teaching and research; numbers of PhDs awarded; the number of quality scholarly papers and citations from staff, and numbers of international staff and students.

Commenting on the 2023 ranking, President of Maynooth University, Professor Eeva Leinonen said:

“We are delighted to see Maynooth University once again among the top young universities in the world, rising 21 places to 85th globally. This is a remarkable achievement, a testament to the hard work of all across our University and a valuable indicator of our commitment to constant innovation, the global reputation of our research and quality of our teaching.

“As one of the leading young universities in the world, Maynooth University is ambitious for the future, we are proud of our strong international connections, the value of our academic excellence and our vibrant and dynamic campus. The rankings today reflect these achievements as we continue to strive to enhance our global reputation.”
 

OMN sa 85ú áit i Rangú na nOllscoileanna Óga domhanda agus ag #1 in Éirinn

 Tá Ollscoil Mhá Nuad tar éis dreapadh 21 áit go dtí 85 i rangú na nOllscoileanna Óga 2023 de chuid Times Higher Education (THE). Tá Ollscoil Mhá Nuad fós sa chéad áit i measc na n-ollscoileanna óga in Éirinn.

Tá Rangú Idirnáisiúnta na nOllscoileanna Óga bunaithe ar réimse de chritéir lena n-áirítear ioncam taighde a baineadh amach; cáil an teagaisc agus an taighde; líon na ndochtúireachtaí a bronnadh; líon na bpáipéar scolártha  agus luanna ar ardchaighdeán ó fhoireann; agus líon na mac léinn agus na foirne idirnáisiúnta.

Ag caint ar rangú na bliana seo, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen:

“Tá ríméad orainn go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad arís i measc na n-ollscoileanna óga is fearr ar domhan, ag dul in airde 21 áit go dtí an 85ú ollscoil óg is fearr go domhanda. Éacht amach is amach atá anseo, chomh maith le teistiméireacht ar an obair dhian atá á déanamh thar timpeall ár n-Ollscoile agus le táscaire luachmhar ar ár dtiomantas do nuálaíocht leanúnach, cáil dhomhanda ár dtaighde agus caighdeán ár dteagaisc.

“Mar cheann de na hollscoileanna óga is fearr ar domhan, tá Ollscoil Mhá Nuad uaillmhianach don todhchaí, táimid bródúil as ár nascanna idirnáisiúnta láidre, ár sármhaitheas acadúil agus ár gcampas bríomhar agus ilghéitheach. Aithníonn an rangú inniu an méid atá bainte amach againn agus muid ag leanúint orainn chun ár gcáil dhomhanda a fheabhsú.”