Qualification : DIOPLÓMA IARCHÉIME SAN AISTRIÚCHÁN AGUS SAN EAGARTHÓIREACHT
Award Type and NFQ level : POSTGRADUATE DIPLOMA (9)
CAO/MU Apply code : MH51C
CAO Points :
Closing Date : 18 August 2025
Cúlra
De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.
Forléargas
Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán BéarlaGaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach.
Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.
Cáilíocht: Dioplóma Iarchéime / MA
Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.
Scoláireachtaí agus duaiseanna
Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála, scrúdú ar líne ar an Aoine 28 Meitheamh 2024, agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.
Ceisteanna coitianta
Tá freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag daoine faoin gcúrsa ar fáil anseo.
Riachtanais iontrála
1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.
3. Agallamh
Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024.
Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh. Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.
Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí diarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. Bfhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.
Academic
Academic
Academic
Academic
Academic
Department of Lárionad na Gaeilge
Department of Froebel Department of Primary and Early Childhood Education
Department of School of Celtic Studies
Academic
Fad an chúrsa
Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).
Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Tá líon na n-áiteanna ar an gclár MA teoranta.
Modh teagaisc
Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Foilsítear ábhar an chúrsa ar an ardán ríomhfhoghlama Moodle, agus is féidir leis na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na nótaí agus tabhairt faoi na cleachtaí ag am a oireann dóibh féin. Cuireann an teagascóir aiseolas an-mhion ar fáil i gcás gach cleachtaidh. Reáchtáiltear ranganna beo ar líne mar thacaíocht bhreise, agus cuirtear taifeadadh ar fáil de na ranganna sin dóibh siúd nach féidir leo freastal ar na ranganna. Reáchtáiltear seimineár lae uair sa bhliain le deis a thabhairt do na mic léinn scileanna praiticiúla a fhoghlaim, agus baintear leas as fóram plé chun teagmháil rialta agus díospóireacht a chothú idir an teagascóir agus na mic léinn.
Measúnú
Beidh scrúdú le déanamh ar líne i ngach modúl i mí Eanáir agus i mí na Bealtaine. Beidh mórthascanna le déanamh ag na mic léinn i gcaitheamh na bliana. Tá tuilleadh eolais faoi na scrúduithe agus faoi na mórthascanna sa chur síos ar na modúil éagsúla.
Is é 60% an pasmharc sa Dioplóma Iarchéime agus san MA araon. Ní thabharfar deis tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach ach do mhic léinn a gheobhaidh 65% nó os a chionn i scrúduithe an Dioplóma Iarchéime.
Cáilíocht
Is fiú 60 ECTS an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht agus is fiú 90 ECTS an MA. Tá an Dioplóma Iarchéime agus an MA araon ag leibhéal a naoi ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Riachtanais fágála, Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge
Agus iad ag ceadú maoiniú dinstitiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos an coinníoll go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim sin in 2024 tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) in 2024 nó a léiriú go bhfuair siad pas sa scrúdú sin in 2022 nó in 2023.
Tá eolas faoi dhátaí scrúduithe TEG ar fáil anseo.
Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.
Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear diarrthóirí gur fúthu féin atá sé an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh, agus nach mbeidh aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an gcáilíocht a bhronnfaidh Ollscoil Mhá Nuad orthu.
Beidh iarratais do chúrsaí iarchéime ar oscailt i lár mhí Dheireadh Fómhair. Beidh tuilleadh eolais faoi conas cur isteach ar chúrsa curtha ar fáil an uair sin. Má ta aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh [email protected].