CÁILÍOCHTAÍ DO THEAGASCÓIRÍ GAEILGE

Friday, May 16, 2014 - 00:00

Tá áthas ar Ionad na dTeangacha a fhógairt go bhfuil an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) á thairiscint arís i mbliana i gConamara.

Má tá spéis agatsa Gaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta nó má tá tú ag obair mar mhúinteoir Gaeilge cheana fhéin, is duitse an cúrsa seo. Clúdaíonn an cúrsa teoiric agus cúrsaí praiticiúla a chuireann le cur chuige éifeachtach sa rang teanga.

Faigh tuilleadh eolais ar www.nuim.ie/language/dmg agus déan iarratas roimh an 13 Meitheamh 2014.

Páirtaimseartha ✔
Leibhéal 7 ✔