Close

TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ FÁSTA (AR LÍNE)

Qualification : TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ (AR LÍNE)

Award Type and NFQ level : CERTIFICATE LEVEL 6

CAO/PAC code : MH83C

CAO Points :

Closing Date : 29 May 2024

View QQI details

Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta ar líne agus sa seomra ranga.  Ní cúrsa teanga é an cúrsa seo, áfach, is cúrsa é i múineadh na Gaeilge – pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. 

Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas a fháil maidir lena gcuid teagaisc.

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá an cúrsa seo ina bhuntáiste dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach chomh maith do mhúinteoirí cáilithe (bunscoil nó meánscoil) atá ag iarraidh cur lena scileanna teagaisc nó scileanna pleanála, agus atá ag iarraidh smaointe nua chun a gcuid ranganna a dhéanamh níos gníomhaí dá gcuid foghlaimeoirí. 

International & EU/EFTA Entry Requirements

Additional Information

Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna cumarsáide agus teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne. Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte. Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl idir an 17-19 Meitheamh 2024. Beidh an próiseas iarratais oscailte i mí an Mhárta. Idir an dá linn, má tá tú ag iarraidh do spéis sa chúrsa a léiriú, seol d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist chuig ailin.nichonchuir@mu.ie agus cuirfear ar an eolas tú a luaithe is atá an córas iontrála oscailte.

Is é an spriocdháta d'iarratais ná an 29 Bealtaine 2024. Is trí PAC a dhéantar iarratas ar an gcúrsa. Téigh chuig www.pac.ie  agus cuir an cód MH83C sa bhosca a deir Course name or code. 

Back to top