Qualification : TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ (AR LÍNE)
Award Type and NFQ level : CERTIFICATE LEVEL 6
CAO/MU Apply code : MH83C
CAO Points :
Closing Date : 23 August 2024
Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh Gaeilge dfhoghlaimeoirí fásta ar líne agus sa seomra ranga. Ní cúrsa teanga é an cúrsa seo, áfach, is cúrsa é i múineadh na Gaeilge pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.
Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas a fháil maidir lena gcuid teagaisc.
Academic
Academic
Academic
Academic
Academic
Department of Lárionad na Gaeilge
Department of Froebel Department of Primary and Early Childhood Education
Department of School of Celtic Studies
Academic
International & EU/EFTA Entry Requirements
Additional Information
Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna cumarsáide agus teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne. Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte. Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl idir an 17-19 Meitheamh 2024. Beidh an próiseas iarratais oscailte i mí an Mhárta. Idir an dá linn, má tá tú ag iarraidh do spéis sa chúrsa a léiriú, seol dainm agus do sheoladh ríomhphoist chuig [email protected] agus cuirfear ar an eolas tú a luaithe is atá an córas iontrála oscailte.
Is é an spriocdháta d'iarratais ná an 29 Bealtaine 2024. Is trí PAC a dhéantar iarratas ar an gcúrsa. Téigh chuig www.pac.ie agus cuir an cód MH83C sa bhosca a deir Course name or code.