Léachtaí Cholm Cille 2025

Thursday, April 17, 2025 - 11:30

D’éirigh go hiontach le Léachtaí Cholm Cille 2025 a reáchtáladh níos luaithe an mhí seo i Halla Renehan ar an gcampas theas in Ollscoil Mhá Nuad.

Ba é Cumann na Scríbheann nGaedhilge: Traidisiún, téamaí agus téacsanna téama na comhdhála i mbliana.

Ba é Ruairí Ó hUiginn a d’oscail an chomhdháil agus thug na sárscoláirí seo a leanas páipéir den chéad scoth:

  • Lára Ní Mhaoláin ar Fhliodhais fhoitchaoin in Táin Bó Fliodhaise
  • Pádraigín Riggs ar phréamhacha Chumann na Scríbheann nGaedhilge
  • Caoimhín Ó Muirigh ar an gcumann agus Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge
  • Meidhbhín Ní Úrdail ar an téacs Cath Cluana Tarbh
  • Greg Toner ar an leithghabháil liteartha in Bruidean Da Choca
  • Breandán Ó Cróinín ar an Duinníneach agus Dánta Aodhagáin Uí Rathaille
  • Síle Ní Mhurchú ar Duanaire Finn, Lige Guill agus eagarthóireacht na Laoithe Fiannaíochta

Mar chuid den chomhdháil, seoladh Léachtaí Cholm Cille 55 ar luathbhailiúcháin fuaime na Gaeilge agus tugadh cuairt ar Leabharlann an Ruiséalaigh.

Ár mbuíochas le Foras na Gaeilge as an tacaíocht.

Seo thíos cúpla pictiúr ón gcomhdháil: Pádraigín Riggs, Kevin Murray, Greg Toner.

 

Pádraigín Riggs ag déanamh cur i láthair ag Léáchtaí Cholm Cille 2025 in Ollscoil Mhá Nuad | Pádraigín Riggs presenting at Léachtaí Cholm Cille 2025 in Maynooth University
Caoimhín Ó Muirigh ag déanamh cur i láthair ag Léáchtaí Cholm Cille 2025 in Ollscoil Mhá Nuad | Kevin Murray presenting at Léachtaí Cholm Cille 2025 in Maynooth University
 
Greg Toner ag déanamh cur i láthair ag Léachtaí Cholm Cille 2025 in Ollscoil Mhá Nuad | Greg Toner presenting at Léachtaí Cholm Cille 2025 in Maynooth University