Ceardlanna Amhránaíochta ar an Sean-Nós

Wednesday, November 27, 2019 - 13:00 to Wednesday, March 11, 2020 - 13:00
Scoil an Oideachais 230

Tá Oifig na Gaeilge an-sásta a fhógairt go bhfuil ball foirne de chuid Lárionad na Gaeilge, Sailí Ní Dhroighneáin, sásta a saineolas ar an amhránaíocht ar an sean-nós a roinnt le pobal na hOllscoile arís i mbliana.  Beidh na ceardlanna ar siúl ó 1-2pm in AX1 ó 9 Deireadh Fómhair ar aghaidh.  Is cainteoir dúchais Gaeilge agus amhránaí sean-nóis as Conamara i gCo. na Gaillimhe í Sailí.  Tá an-suim aici sna hamhráin sean-nóis agus tá taithí aici ar a bheith ag reáchtáil ceardlann agus ag tabhairt léachtaí ar an ábhar sin. Chomh maith leis sin, d’éirigh léi an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis a bhaint amach i bhFleadh Cheoil na Gaillimhe, Chonnacht agus na hÉireann sa bhliain 2014. 
 
Is éard atá i gceist aici a dhéanamh san uair an chloig seo arís i mbliana ná plé a dhéanamh ar chúlra an tsean-nóis agus ansin díriú ar amhráin faoi leith agus cleachtadh a dhéanamh le chéile ar na hamhráin sin má bhíonn fonn ar dhaoine!
 
Má tá suim agat a bheith páirteach sna ceardlanna seo, cuir ríomhphost ar aghaidh chuig oifig.nagaeilge@mu.ie roimh 9ú Deireadh Fómhair. Tá líon na spásanna teoranta. 
 
 
The Irish Language Office is pleased to announce that Sailí Ní Dhroighneáin from the Centre for Irish will run lunchtime workshops on sean-nós singing (traditional Irish language singing) for university staff and students again this year, taking place on Wednesdays from 1-2pm in AX1 from 9 October onwards. Sailí is a native Irish speaker and sean-nós singer from Connemara, Co. Galway, who has a keen interest in sean-nós singing and has both facilitated workshops and delivered lectures on the topic. She won first place in the Galway, Connacht and the All-Ireland Fleadh Cheoil sean-nós singing competitions in 2014.
 
Once again these workshops will give participants a chance to explore the history of sean-nós singing and songs, and indeed sing them together if people are so inclined!
 
If you’re interested in taking part, please email oifig.nagaeilge@mu.ie before 25 September. Spaces are limited.