An tAthair Peadar Ó Laoghaire - Céad Bliain Ar Aghaidh Óna Shaol Féin

Monday, March 2, 2020 - 12:30 to Wednesday, April 1, 2020 - 12:30

Cuirfear seodra ó Chartlann an Athar Peadar Ó Laoghaire i láthair sa taispeántas seo chun céad bliain ó cailleadh an ceannródaí liteartha, feachtasóir teanga agus céimí Mhá Nuad a chomóradh. 

Tá Cartlann an Athar Peadar Ó Laoghaire (PP3) lonnaithe anseo in Ollscoil Mhá Nuad agus tá sciar maith de shaothar an fhir seo a oirníodh ó Choláiste Phádraig Mhá Nuad sa bhliain 1867 ar fáil inti. Is cuimsitheach an t-ábhar sa chartlann seo, lena n-áirítear saothair úrnua a scríobh an tAthair Ó Laoghaire sa Ghaeilge, aistriúcháin go Nua-Ghaeilge ar shaothair ó theangacha eile, aistriúchán ar an Sean-Tiomna, agus nua-aoisiú ar scéalta béaloidis, chomh maith le nótaí ar ghramadach na Gaeilge agus úsáid na tean