8.2.17 Seimineár a dhíreoidh ar na deiseanna oiliúna, fostaíochta agus deonacha atá ar fáil trí Ghaeilge

Wednesday, January 25, 2017 - 17:00

Tá feachtas feasachta á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair i gcomhar le Grad Ireland leis an tairbhe a bhaineann leis an nGaeilge agus an dátheangachas sa saol oibre a chur chun cinn.

Beidh spás ar leith ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha #FYI agus Aonach Teangacha san RDS ar an 8 Feabhra agus beidh foireann i láthair le labhairt le mic léinn faoi na deiseanna éagsúla oiliúna, fostaíochta agus deonacha atá ar fáil trí Ghaeilge. Beidh Conradh na Gaeilge ann ar an lá chomh maith le comhairle a chur ar mhic léinn. Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh (Comhalta Boird agus Craoltóir RTÉ) seimineár i láthair chomh maith a dhíreoidh ar thaithí agus ar chomhairle rannpháirtithe na bhfíseán. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin seimineár agus clárú don Aonach ar an nasc seo: http://n2jy5q6.attendify.io/

Tá ábhar ar líne á fhorbairt freisin agus beidh leabhrán a dhíríonn ar ghairmeacha trí Ghaeilge agus ar dheiseanna tríú leibhéal ar fáil sa choicís amach romhainn. Beidh próifíleanna sa leabhrán chomh maith faoi roinnt ambasadóirí nó ionadaithe a cuireadh faoi agallamh go dtí seo faoin mbuntáiste a thug an Ghaeilge dóibh sa saol oibre agus pearsanta. Is féidir na físeáin de na hagallaimh a fheiceáil ar an nasc seo: https://gradireland.com/get-started/gaeilge