Acmhainní sa Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil curtha ar fáil do Sheachtain na Gaeilge 2021

Daltaí bunscoile a bhainfidh tairbhe agus taitneamh as na hacmhainní seo
Thursday, March 4, 2021 - 14:45

Cruthaíonn foireann PACT i Roinn na Ríomheolaíochta, Ollscoil Mhá Nuad, acmhainní teagaisc sa smaointeoireacht ríomhaireachtúil le haghaidh bunscoileanna agus meánscoileanna in Éirinn agus tá sampla de na hacmhainní seo curtha ar fáil acu as Gaeilge do Sheachtain na Gaeilge 2021. Is féidir iad a íoslódáil óná suíomh gréasáin: https://pact.cs.nuim.ie/resources.

Scileanna réitigh fadhbanna a úsáideann ríomheolaithe ar bhonn laethúil atá sa Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil. Tá baint ag na scileanna seo leis na hábhair STEM ar fad toisc go dtuigtear go bhféadfaí úsáid a bhaint astu i ngoirt eolaíocha éagsúla. Dearadh na hacmhainní "unplugged" seo (sé sin, níl ríomhaire ag teastáil chun iad a dhéanamh) mar thoradh ar an mbaint atá ag an bhfoireann PACT le Bebras—Comórtas Idirináisiúnta Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla.

Cuirtear an smaointeoireacht loighciúil, scileanna réitigh fadhbanna, agus scileanna léitheoireachta/ tuisceana chun cinn sna tascanna seo. Feictear dúinn go mbaineann daltaí de gach aoisghrúpa idir thairbhe agus thaitneamh as an gcur chuige réitigh fadhbanna seo. Tá súil ag an bhfoireann PACT go mbainfidh múinteoiri agus a gcuid daltaí thar timpeall na tíre tairbhe agus taitneamh as na tascanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla seo i rith Sheachtain na Gaeilge 2021.