"Aisling, Aisling" Léirithe den Chéad Uair le Linn Sheachtain na Gaeilge 2020

An fhoireann aisteoireachta de "Aisling, Aisling" agus a scríbhneoir/stiúrthóir, Helen de Búrca, suite sa lár
Monday, June 8, 2020 - 13:00

Bhí fuíollach imeachtaí Gaeilge ag dul ar aghaidh ar champas Ollscoil Mhá Nuad le linn Sheachtain na Gaeilge 2020, óir d'éirigh le lucht eagraithe na seachtaine gach aon rud a bhí pleanáilte acu a dhéanamh roimh don ollscoil bheith dúnta mar gheall ar ghéarchéim an víris chorónaigh. Ba é buaicphointe na seachtaine do roinnt mhaith daoine a raibh an t-ádh orthu é a fheiscint ná an chéad chóiriú de dhráma dátheangach nuascríofa a cuireadh ar stáitse san Aula Maxima ar an gcampas theas den chéad uair riamh, mar thoradh ar chomhoibriú idir Cuallacht Cholmcille agus Cumann Drámaíochta OMN. Is scéinséir síceolaíoch le greann dóite go smior ann é “Aisling, Aisling” atá lonnaithe i saol damanta laithreoirí theilifís na bpáistí agus a scrúdaíonn cé chomh fada is a rachadh daoine chun a mbrionglóidí a bhaint amach agus an fiú na streachailtí uilig in aon chor. 

Scríobh, stiúraigh agus dhearaigh mac léinn Gaeilge agus Fraincise de chuid na dara bliana, Helen de Búrca, "Aisling, Aisling" agus fuair sí ardmholadh ó chuile dhuine a bhí i láthair san Aula Maxima ar an gCéadaoin 11 Márta agus ar an Déardaoin 12 Márta chun a dráma a fheiscint ar stáitse. Dúirt Helen mar gheall ar an éacht a bhain sí amach: "Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le daoine áirithe as an méid a chuir siad leis an dráma; Muireann Corkery, as an tionscnamh seo a thosú in éineacht liom bliain ó shin, Brian MacMaghnuis ó Oifig na Gaeilge as freastal ar na trialacha agus cleachtaí le comhairle a thabhairt, Fionntán de Brún, Caitlín Nic Íomhair agus Roinn na Nua-Ghaeilge as an spéis a léirigh siad sa dráma agus as an gcúnamh a thug siad leis an script, James Browne as profáil a dhéanamh ar an gcéad dréacht den script agus leasuithe a mholadh, Amy Nic Ardail, Grace Nolan, Aoife Bhreathnach agus Ciarán Mac Giolla Rua as cabhrú leis an damhsa, leis an gceol agus leis na frapaí, agus Cuallacht Cholmcille agus MU Dramsoc as airgead a chur ar fáil agus mo phleananna a chur i gcrích. Gan na daoine seo - agus, ar ndóigh, an fhoireann iontach a bhí agam - d'fhanfadh "Aisling, Aisling" díreach mar a bhí sé - ina bhrionglóid. Go raibh míle maith agaibh."

Bhí seachtar san fhoireann aisteoireachta iontach atá thuasluaite ag Helen agus is mic léinn fhochéime in Ollscoil Mhá Nuad iad go léir, lena n-áirítear Ciara Farrell mar Aisling, Cian Neary mar Bhasil, Jonathan Cunniffe mar Ed, Seán Heslin mar Fhiachra, Alexandra McKenna mar Mheg, Sophie Byrne Carter mar Chathy agus Muireann Corkery mar Riley. Rinneadh taifeadadh ar an dara oíche den dráma agus is féidir breathnú siar air anois tríd an nasc seo - https://www.youtube.com/watch?v=oV2Muk76zE4&t=102s