Athbheochan Irisleabhar Mhá Nuad faoi lánseol

An Dr Tracey Ní Mhaonaigh, eagarthóir Irisleabhar Mhá Nuad
Friday, November 15, 2019 - 13:00

Ag seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2018 ainmníodh an Dr Tracey Ní Mhaonaigh ina heagarthóir ar an iris agus d’fhógair sí gur theastaigh uaithi go bhfillfeadh an tIrisleabhar ar a chuid fréamhacha—go mbeadh rian na mac léinn le feiceáil ar an ábhar a chuirfí i gcló ann ach go mbeadh a rian, leis, ar réiteach an téacs don chló. Tá réadú na físe sin in eagrán na bliana seo, a seoladh in Institiúid na nDaonnachtaí agus na nEalaíon ar an gcampas thuaidh, ar an 14 Samhain i ndiaidh léacht iontach leis an Ollamh Ailbhe Ó Corráin.

Tá mic léinn i measc na n-údar a chuir ábhar ar fáil, ach tá cúigear mac léinn eile luaite mar fho-eagarthóirí an eagráin seo: Clara Coll, Helen Ní Cheallaigh, Miriam Nic Shíomóin, Clíodhna Ní Dhufaigh agus Katie Ní Fhaoláin. Is mar chuid de mhodúl MA a rinne siad an obair eagarthóireachta agus iarradh orthu, chomh maith, aiste a scríobh ar stair Irisleabhar Mhá Nuad chun a chinntiú go dtuigfidís a oidhreacht shaibhir—go dtuigfidís gur cuireadh an síol siar sa bhliain 1898 nuair a bunaíodh Cuallacht Cholmcille, gurbh iad mic léinn an choláiste a bhunaigh an tIrisleabhar agus gur leo i gcónaí é. Gura fada buan é!