Borradh in úsáideoirí na hacmhainne foghlama Gaeilge Vifax

Anna Ní Ghallachair, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, atá i bhfeighil ar Vifax
Monday, June 8, 2020 - 12:00

Ó dúnadh na scoileanna agus coláistí tríú leibhéal ar an 12 Márta, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann VIFAX, acmhainn foghlama agus teagaisc Gaeilge atá bunaithe ar Nuacht TG4 (http://vifax.maynoothuniversity.ie/). Tá líon na gcuairteoirí ar shuíomh Vifax méadaithe ó 11,000 duine ar an méan i rith na bliana acadúla go 18,000 duine in Aibreán/Bealtaine.  

Is córas foghlama simplí ach éifeachtach é VIFAX, forbartha ag Lárionad na Gaeilge. Gach Céadaoin, nuair a chuirtear Nuacht TG4 ar an Seinnteoir, cuireann an dearthóir (atá lonnaithe sa Bhriotáin!) trí cheacht Gaeilge ar fáil ag leibhéil éagsúla cumais bunaithe ar na scéalta nuachta is déanaí. Cuirtear na ceachtanna suas ar shuíomh VIFAX áit a bhfuil siad ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge i meánscoileanna, institiúidí tríú leibhéal agus eagraíochtaí aosoideachais in Éirinn agus thar lear. Maoinithe ag an Roinn Ealáion, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus COGG.